Leanfar le cur i gcoinne lucht báille

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá scaifte de roinnt scórtha daoine ag fanacht taobh amuigh de theach I gCeann Toirc Co Chorcaí I rith an ama agus iad ag tacú le hiarrachtaí chun lucht báille a stopadh de bheith ag athghabháil seilbh ar theach atá I bhfiacha le lucht iasachta. Tá Martin agus Claire O’Sullivan, a bhfuil triúr clainne orthu, sásta 50% d’íocaíochtaí ar an teach a aisíoc gach mí ach in ainneoin sin ceadaíodh dísheabhlú na clainne. Cionn is easpa airgid ní raibh ionadaí dlí acu ag an chúirt nuair a ceadaíodh iad a díshealbhú ach inniu dúirt an eagras deonach, Independent Resistance Ireland, go bhfuil said sásta ionadaíocht dlí a dhéanamh ar son mhuintir Uí Suilleabháin agus do tabharfaidh said dúshlán cúirte don díshealbhú. Agus deir daoine sa cheantar mar aon le tacaithe ó níos faide I gcéin go bhfuil siadsan sásta seal a chaitheamh lá agus oíche ag fanacht taobh amuigh den teach chun stopadh d’aon iarracht chun an clann a dhíshealbhú.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-25 23:40:54

Admin/login Comments RSS

ILBF