Leabhar nua Alex Hijmans le seoladh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Splancanna - ClúdachDéanfar leabhar nua Alex Hijmans, ‘Splancanna ó Shaol Eile’ a sheoladh ag roinnt ócáidí go luath amach romhainn. I mBéal Feirste deánfaidh an t-iriseoir Eoghan Ó Néill an scríbhneoir a chur faoi agallamh ag ócáid i nDánlann Gerald Dillon i gCultúrlann Mc Adam – Ó Fiaich oíche Luain, 7 Deireadh Fómhair @ 7.00in.

I mBaile Átha Cliath déanfaidh Alex an leabhar a sheoladh ag ócáid IMRAM i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoine 16 Deireadh Fómhair ar 6.00in

Beidh eolas sa bhreis faoi seo agus aon ócáid eile a bhaineann le camchuairt Alex Hijmans amach anseo ar www.nuacht24.com

 

Céad grianghraf. Céad aiste ghearr. Cur síos i bhfís agus i bhfocail ar thír aduain, anaithnid… atá i lár an aonaigh.

 

Tá aird an domhain ar an mBrasaíl agus beidh go ceann roinnt mhaith blianta: Corn an Domhain sa Sacar i 2014, na Cluichí Oilimpeacha i 2016. Go heacnamaíoch agus go polaitiúil, tá ról níos tábhachtaí ná riamh ag fathach Mheiriceá Theas ar an stáitse idirnáisiúnta.

Seo cuireadh duit aithne a chur ar an mBrasaíl – aithne cheart, aithne a sheachnaíonn an cliché. Sa leabhar seo, tugann Alex Hijmans, atá ina chomhfhreagraí idirnáisiúnta sa tír ó 2007, léaspairtí ar an mBrasaíl nach bhfeictear sna cártaí poist. Go deimhin, léirítear mórchuid na gcúiseanna atá leis an achrann sóisialta a thosaigh sa tír sin le déanaí sa saothar seo.

 

Seo an tríú leabhar faoin mBrasaíl atá scríofa ag Alex. D’fhoilsigh Cois Life an leabhar neamhfhicsin, Favela, i 2009 agus an cnuasach gearrscéalta, Gonta, i 2012. Ag caint faoi Splancanna ó shaol eile dúirt sé;

 

“Tar éis Aiséirí (2011, neamhfhicsean) agus Gonta (2012, cnuasach gearrscéalta) biontach an spreagadh dom Splancanna ó shaol eile chun hata an iriseora a chur orm féin in athuair, ach go háirithe toisc gur thug an saothar seo deis dom a bheith ag plé le hábhar físiúil ar bun gairmiúil arís.

 

Tógadh na grianghraif in Splancanna ó shaol eile sular thosaigh tonn oll-léirsithe sa Bhrasaíl an samhradh seo, ach, ag breathnú siar ar chuid de na híomhánna, ní dóigh liom gur áibhéil a rá go ndéantar an t-achrann sóisialta seo a thuar sa leabhar seo.”

 

Alex Hijmans

Rugadh Alex Hijmans in Heemskerk, san Ísiltír, i 1975. Bhog sé go hÉirinn i 1995, d’fhoghlaim an Ghaeilge agus chríochnaigh sé iarchéim san iriseoireacht i 1998. Chaith sé dhá bhliain déag in Éirinn; diomaite de thréimhse ghairid san ardchathair ag an deireadh, bhí cónaí air i nGaillimh i rith an ama sin. Bhí plé aige le cúrsaí iriseoireachta i gcónaí, ach bhí teach caife aige i gcathair na Gaillimhe ar feadh cúig bliana, Bananaphoblacht.

 

Bhog Alex go dtí an Bhrasaíl sa bhliain 2007, áit a roinneann sé a chuid ama idir fíricí loma nuacht an lae agus fírinne dhomhain an fhicsin.

 

Tuilleadh eolais faoi Alex: www.alexhijmans.com

 

Orduithe: www.coislife.ie nó, más siopa atá i gceist, tríd Áis ach glaoch a chur ar (01) 6616522 nó ríomhphost chuig ais@forasnagaeilge.ie.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-22 18:28:06

Admin/login Comments RSS

ILBF