Leabhar Fheargail – leabhar nach seachnaíonn an cúlra polaitiúil

gné-ailt/tuairim, náisiúnta, nuacht, Nuacht24

le Gearóid Ó Cairealláin

 

Bhuel, buíochas do Dhia, ach thiar thall sa deireadh tharla sé. Níor shíl mé go mairfinn fada go leor chun é a fheiceáil ach sain againn é. Údar atá sásta a admháil go raibh comhthéacs agus comhthéacs polaitiúil taobh thiar de athbheochan na Gaeilge sna Sé Chontae. Tuigim go bhfuil go leor daoine, agus iad ceangailte le gluaiseacht na Gaeilge arbh fhearr leo cloí leis an chur i gcéill ach nach amhlaidh atá.

Ina leabhar áfach. ‘Language, resistance and revival’ léiríonn Feargal Mac Ionrachtaigh an fhírinne mar a bheadh grian lár an tsamhraidh ann.

Ón tús fógraíonn sé an bunrud, is é de bharr ar choiliniú Shasana ar Éirinn a cailleadh an Ghaeilge sa chéad dul síos agus aithníonn sé an coilíneachas mar ghéag den chaipitileachas domhanda.

Mar sin de is mar bheart i gcoinne an choilíneachais a chuathas riamh – agus a théitear go fóill, i mbun athbheochan na teanga.

Is maith liom an leabhar seo ar go leor cuiseanna – níor fhéad mé é a fhágáil uaim le seachtain anuas. Ar ndóigh tá an-suim agam san ábhar, agus bheir ionrachas an údair greim orm.

Admhaíonn sé go luath go bhfuil sé claont taobh. Ní hé an cheist atá le freagairt ag an léitheoir an bhfuil sé claon taobhach; ach cén taobh ar a bhfuil sé.  Mar sin de, is é an taighdeoir é agus cuid den ábhar taighde chomh maith. Dála an scéil, sin cuid den deacracht atá ag iriseoir chomh maith, níl sé neodrach ná baol air agus é ag plé le hábhar mar seo.

Tá mise lán chomh claontaobh is atá Feargal.

An Ghaeilge ina uirlis chúltroda taobh istigh den phríosún agus sa saol mór taobh amuigh de is bun-ábhar don leabhar eachtach seo atá bunaithe ar agallaimh a rinne an t-údar le hiarchimí Poblachtacha agus le gníomhaithe Gaeilge sa tsaol mór.

Cionn is an sloinne aige agus an teaghlach Poblachtach s’aige – agus é a bheith claontaobhach – bhí bealach éasca isteach aige go dtí na hábhair agallaimh, ach cad é mar a tharla sé riamh gur ghlac cimí poblachtacha leis an Ghaeilge mar mheán cumarsaide agus uirlis cúltroda?

Míníonn Feargal go raibh an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach lárnach don athbheochan a spreag Éirí Amach na Cásca. ‘Éirí Amach’ na múinteoirí a tugadh ar Éirí Amach na Cásca tráth. Plódaíodh na príosúin le Gaeoilgeoirí de bharr ar 1916 agus leanadh den nós nó den traidisiún as sin anuas go dtí na blianta s’againn féin.  I gcónaí thug na cimí spreagadh as an nua do lucht na hathbheochana ar an taobh amuigh. Nóta uaim féin, le linn d’Ard Fheis Chonradh na Gaeilge a bheith ar siúil i mBéal Feirste sa bhliain 1995 labhair beirt chime sa Chéis Fhada leis na teachtaí ar an ghuthán agus ba mhór an fháilte a fuair siad.

Cé go bhfuil an leabhar seo díreach i ndiaidh teacht amach tá rí-rá agus ruaille buaille spreagtha aige ach mholfainn do dhuine ar bith ar suim leo athbheochan na Gaeilge sna Sé Chontae í a léamh agus sult a bhaint as. Sin an rud faoin fhírinne, nochtóidh sí í féin i gcónaí, bíodh sí ar ár sásamh nó ná bíodh. Taobh amuigh de chúrsaí Gaeilge is mór is fiú ‘Language, Resistance and Revival’ mar stair na príosúnachta sna Sé Chontae. Fáigh é agus léigh …..

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-20 22:17:49

Admin/login Comments RSS

ILBF