Leabhar Comhbhróin, ómóis don Athair Reid

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá Leabhar Comhbhróin le hoscailt ag Halla na Cathrach i mBéal Feirste i gcuimhne ar an Athair Alec Reid a cailleadh Dé hAoine agus é in aois 82 bliain. Bhí ómóis don Athair Reid á gcarnadh ó cailleadh é, go mór mór mar gheall ar a ról lárnach i bpróiseas na síochána ó thuaidh agus an Chriostúlacht a chleachtaigh sé agus é ag plé le gach dream. Bhí an tUachtarán Michael D Ó hUiginn orthu sin a bhí i láthair ag Aifreann i mBaile Átha Cliath inné chun saol an Athair Reid a cheiliúradh. Bhí sé gníomhach fosta sna hiarrachtaí chun síocháin a bhaint amach i dTír na mBascach. As Triobraid Árann ó dhúchas den Athair Reid agus iomrá air mar iománaí go dtí gur shocraigh sé dul leis an sagartóireacht. Chuaigh sé leis na Slánaitheoirí agus i ndiaidh dó seal a chaitheamh thíos an tír chaith sé dá scór bliain i mBéal Feirste, i Mainistir Chluain Ard. Cuirfear an tAthair Reid Dé Céadaoine i ndiaidh Aifreann na Marbh i Mainistir Chluain Ard.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-29 18:10:47

Admin/login Comments RSS

ILBF