Lascann Mc Guinness Robinson

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir Martin Mc Guinness go bhfuil an DUP ag cleachtadh ‘claidhreacht den sórt is measa’ cionn is nach bhfuil ráitéis ag cáineadh ionsaithe an UVF ar Pháirtí an Chomhaontais i mBéal Feirste Thoir agus ar inimircigh ag teacht ó ionadaithe níos airde ná comhairleoirí. Dar leis gur léir ‘go bhfuil an DUP ag iarraidh a dtacaíocha am toghcháin’ agus gur seo ‘claidhreacht den tsórt is measa.’ Dar leis an DUP go raibh a chaint samhnasach agus nach raibh sé fíor. Mhaígh siad lena chois gur cháin Peter Robinson an PIRA go rialta, rud nach ndéanadh Martin Mc Guinness. Dar leo gur cháin an DUP riamh coireanna fuathu is cuma cén tairgid a bhí i gceist.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-16 10:47:35

Admin/login Comments RSS

ILBF