Largo Foods, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Ráiteas Nuachta                                                                    14 Márta 2014

 

Largo Foods, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall

Is trua le Údarás na Gaeltachta an fógra atá déanta ag Largo Foods inniu (14 Márta) go bhfuil sé le dul i mbun próiseas comhairliúcháin leis na fostaithe atá aige ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair faoin rún atá ag an chomhlacht deireadh a chur le táirgeacht sa mhonarcha agus an obair sin a aistriú chuig a phlanda táirgeachta i gCill Déagláin i gCo. na Mí. Tá 110 duine fosaithe go lánaimseartha agus 30 duine go páirtaimseartha in áis táirgeachta an chomhlachta ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair faoi láthair. Beidh deis oibre á thairiscint ag an chomhlacht do 70 dá chuid oibrithe sa phlanda atá aige i gCill Déagláin.

 

Deir Largo Foods go bhfuil an cinneadh seo bunaithe ar athbhreithniú straitéiseach atá déanta ag an chomhlacht ar a phlandaí táirgeachta in Éirinn agus i Sasana. Dhírigh an t-athbhreithniú seo ar riachtanais an chomhlachta a ghníomhaíochtaí a lárú agus a dhaingniú, costais a ísliú agus feidhmiú go hinmharthana i margadh smailc-bhia atá thar a bheith iomaíoch. Faoi láthair, tá 85% de na táirgí a dhéantar i nGaoth Dobhair á easpórtáil go Sasana agus go margaí eile níos faide ar shiúl. Tá iomaíochas sa mhargadh smailc-bhia treisithe go mór, agus le cúig bliana anuas tá fochomhlachtaí Largo Foods  ag díriú ar tháirgí nua breisluacha a fhorbairt agus a tháirgeadh lena ghnó a dhaingniú i nGaoth Dobhair, ach bhí rath teoranta ar h-iarrachtaí seo.

 

Tá Údarás na Gaeltachta ag obair agus ag tacú le fochomhlachtaí den ghrúpa Largo Foods ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair le 18 bliain anuas. Tá an-díomá orainn faoin tionchar a bheadh ag an chinneadh seo ar fhostaithe an chomhlachta i nGaoth Dobhair.  Beidh an tÚdarás ag glacadh céimeanna tosaíochta le feachtas straitéiseach margaíochta a chur ar bun le hiarracht infheistíochtaí nua agus deiseanna fostaíochta a mhealladh go Gaoth Dobhair.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-22 02:40:06

Admin/login Comments RSS

ILBF