Lá spraoi mar aon le lá agóidíochta geallta ag Teach Laighean inniu

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Chuir na Gardaí bacanna tráchta thart ar Shráid Chill Dara agus roinnt áiteanna eile faoi chóngar do Theach Laighean aréir agus iad ag déanamh réidh do mhórléirsiú an lae inniu. Dar leo go bhfuil siad i mbun plé le lucht eagraithe na hócáide chun a chinntiú de go dtéann gach rud gan fadhb. Deir na heagraithe go mbeidh béim mhór ar spraoi is siamsa mar aon le hagóidíocht ag an imeacht agus go bhfuil siad ag dréim le himeacht a bheas ‘teaghlach lách’ nó foirsteanach do óg agus aosta. Tá na heagraithe muiníneach go mbeidh siad in ann ollslua a mhealladh in ainneoin na doininne is drochaimsire ach beidh an rialtas ag guí go mbainfidh an aimsir sin, agus na leasuithe ar fhógair siad ar an chóras táillí uisce, go mbainfidh siad sin den fhearg atá ar an phobal agus den líon daoine a bheidh páirteach in agóid an lae inniu. Beidh an léirsiú ag tosú ar 1.00in. Tá tuairim is dosaen bus ag triall ar Bhaile átha Cliath ó Ghaillimh ar maidin, tuairim is sé bhus ó Chorcaigh, dhá cheann ó Shligeach agus go leor leor ó Thír Chonaill gan ach cúpla sampla a lua. Deir David Gibney ón chomhghuaillíocht Right2Water, CeartArUisce, go bhfuil sé deacair acu a thuar cén scaifte a bheidh i láthair ó tharla gur imeacht lár seachtaine atá ann agus tharla an aimsir chomh dona sin. Ach deir sé go bhfuil siad ag dreim le scaifte maith. Beidh Sinead O’Connor, Damian Dempsey, Russell Brand agus na RubberBandits orthu sin a bheidh páirteach in imeacht an lae inniu.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 00:34:03

Admin/login Comments RSS

ILBF