LÁ MÓR NA GAEILGE – Muintir na Gaeilge Ongar

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá Muintir na Gaeilge Ongar ag tacú go láidir le LÁ MÓR NA GAEILGE- Siúil ar son do chearta/ Walk for your rights. Táimid ag cur cruinniú poiblí ar bhun ar an 11ú Feabhra leis an bhfeachtas seo a phlé agus le daoine a spreagadh chun teacht amach agus súil ar son na Gaeilge, is é seo an feachtas is mó ó thaobh na Gaeilge de le 10 bliain anuas. Is sa teach tabhairne, The Paddocks a mbeidh muid á phlé ag a 19:00, de Mháirt an 11ú Feabhra.

Ansin ag a 19:30 beidh cruinniú coiste againn agus muid ag eagrú ár Seachtain na Gaeilge, Féile Ongar. Dar ndóigh is grúpa úr nua muid agus ba dheas linn dá mbeifeá i lathar. Cuireann muid fáilte roimh éinne gur spéis leo cabhrú linn :)

Tá súil againn go mbeidh sibh linn ar an 11ú don chruinniú poiblí agus arís ag an agóid ar an 15ú den mhí seo

 

http://www.facebook.com/events/531981476900881/?ref_dashboard_filter=upcoming

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-24 01:18:05

Admin/login Comments RSS

ILBF