Lá Mór na Gaeilge – Dearg le Fearg!!!

náisiúnta, nuacht, Nuacht24
Dearg le Fearg is teideal do Chomhphobal nua atá bunaithe ar Facebook agus iad ag ullmhú do Lá Mór na Gaeilge, Dar leo,
https://www.facebook.com/pages/Dearg-le-Fearg/1395029774090787?id=1395029774090787&sk=info
‘Deis le do chuid feirge a léiriú ar mhórshiúl Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar 15 Feabhra 2014
Cur Síos

Ag cruinniú poiblí i nGaoth Dobhair, aontaíodh go mba mhaith an rud é dá mbeadh cuid den mhórshiúl i mBaile Átha Cliath ar 15 Feabhra, le cearta teangan a bhaint amach, ag caitheamh éadaí dearga agus bratach á hiompar acu agus “Dearg le Fearg” scríofa uirthi. Tá sé tábhachtach, dar leis an chruinniú go dtuigeann daoine go bhfuil fearg ar mhuintir na Gaeltachta fán dóigh ina bhfuil an rialtas ag caitheamh leis an “chéad teanga náisiúnta” mar dheá. Mar sin de, má tá rún agat bheith ar an mhórshiúl, iarrann muid ort rud inteacht dearg a chaitheamh le do chuid feirge a léiriú. Bígí linn!’

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-22 10:08:25

Admin/login Comments RSS

ILBF