Lá Mór na Gaeilge – cruinniú poiblí i gCultúrlann Bhéal Feirste

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Cruinniú Poiblí i mBéal Feirste

 

Katie McGreal

 

D’aontaigh grúpa mór de Ghaeilgeoirí ag cruinniú poiblí i mBéal Feirste aréir gur rud tubaisteach atá ag tarlú i saol na Gaeilge sa lá atá inniu ann agus gur gá gníomhú mar aishfreagra air. Ní rud tubaisteach do na heagraíochtaí amháin atá i gceist dar leo ach do éinne a bhfuil Gaeilge acu. D’aontaigh siad go bhfuil orthu imeacht nó ócáid éigin a eagrú sna Sé Chontae cosúil le Lá Mór na Gaeilge atá á eagrú i mBaile Átha Cliath ar an 15 Feabhra.

 

Dúradh go bhfuil na ciorruithe a d’fhógair Foras na Gaeilge le déanaí ag tarlú toisc go bhfuil lucht na Gaeilge lag agus gur lig muid don rialtas agus don Fhoras é seo a dhéanamh. Ach d’aontaigh an grúpa gur féidir linn agus go gcaithimid seasamh láidir a ghlacadh ina choinne.

 

Dúirt lucht ‘Misneach’ a bhí i láthair ag an gcruinniú, go gcuirfidh siad bus ar fáil ó Bhéal Feirste síos go Lá Mór na Gaeilge i Baile Átha Cliath ar an 15 Feabhra. Má tá suim agat spás a ghlacadh i mbus Misneach Béal Feirste téigh i dteagmháil leo trína leathnach Facebook nó cuir ríomhphost go conchur91@gmail.com.

 

Bheartaigh an grúpa aréir go n-eagrófar ócáid éigin sna Sé Chontae. Ní dhearnadar aon chinneadh cinnte mar gheall ar céard a bheidh ann ach táthar ag iarraidh dáta éigin a shocrú roimh an 15ú lá ionas gur féidir leo an dáta a scaipeadh síos i mBaile Átha Cliath.

 

Beidh cruinniú poiblí eile le tuilleadh plé a dhéanamh ar an ábhar seo agus le cinntí a dhéanamh faoin ócáid sna Sé Chontae ar siúl ar an gCéadaoin, 19ú Feabhra ag 7.30 i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Tá fáilte roimh chách.

 

D’fhógair Foras na Gaeilge a chinneadh mar gheall ar an samhail nua maoiniú le déanaí. As na 19 eagraíocht Gaeilge atá croí-mhaoinithe ag an bhForas, d’fhógair siad na 6 ceanneagraíochta a bheidh fágtha le maoiniú i ndiaidh deireadh mí Bealtaine 2014.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-21 13:23:36

Admin/login Comments RSS

ILBF