Lá Mór na Gaeilge – bus ó Chonamara

náisiúnta, nuacht, Nuacht24
Tuismitheoirí Na Gaeltachta-Conamara

Tá bus á eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta le cúnamh ó Chonradh na Gaeilge le dul go Baile Átha Cliath Dé Sathairn 15 Feabhra don lá agóidíochta ‘Lá Mór na Gaeilge’. €5 an duine nó €10 do theaghlach an costas a bheidh ar an mbus. Seo a leanas na socraithe:
8.45 – Ag fágáil ó charrchlós Mhuintearas, Tír an Fhia
9.00 – Halla Éinne, An Cheathrú Rua
9.15 – Seanscoil Sailearna, Indreabhán.
Is féidir stopadh sa Spidéal, sna Forbhacha agus i mBéarna más gá. Beimid ag filleadh ó Bhaile Átha Cliath i ndiaidh na hagóide.
Seol teachtaireacht chuig tuismitheoirinagaeltachta@gmail.com nó téacs chuig 087 3382885 le háit/áiteanna a chur in áirithe

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-25 04:05:22

Admin/login Comments RSS

ILBF