Lá Gaeilge ag an CLG i gColáiste na Rinne

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

sport 2sportLá Gaeilge CLG i gColáiste na Rinne   Is áil le Coiste Cultúrtha na Mumhan CLG a fhógairt go mbeidh an tríú Lá Gaeilge CLG á reachtáil i gColáiste na Rinne, An Rinn, Co. Phort Láirge ar an Satharn 8 Márta 2014.  Tugann an teacht le chéile seo deis do dhaoine blaiseadh den Ghaeilge agus den Ghaeltacht a fháil i slí atá taitneamhach agus spéisiúil.  Tá sé mar aidhm ag an CLG an Ghaeilge agus ár gcultúr a chur chun cinn i measc na mball agus is ag tógaint ar an mbunús sin a eagraítear an lá seo. Tá cainteoirí aitheanta mar chuid den lá i mbliana agus aithne go náisiúnta orthu.  Beidh plé ar ról an chlub sa chumann ag Eoin Breathnach ó Phort Láirge.  Labhróidh Liadh Ní Riada faoi chúrsaí Gaeilge go ginearálta agus stair na teanga go dtí an lá inniu.  Roinnfidh Míchéal Ó Muircheartaigh a chuimhní ar shaol an CLG agus labhróidh iar-Uachtarán an Chumainn sa tráthnóna.  Beidh deis ag rannpháirtithe an lae plé a dhéanamh ar chúrsaí reatha a bhaineann leis an gCumann Lúthchleas Gael agus críochnófar an lá le cúpla amhrán.  Tuilleadh eolais ar www.munstergaa.ie nó odrisleain@gmail.com nó 087-7938709 Tuilleadh eolais ar www.nuacht24.com amach anseo.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-20 22:29:48

Admin/login Comments RSS

ILBF