Lá Eorpach na dTeangacha

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

la eorpach

Gach bliain, is é an 26 Meán Fómhair an lá a dhéantar ceiliúradh ar flúirse theangacha na hEorpa – 24 teanga oifigiúil an AE, thart ar 60 teanga réigiúnach/mionlaigh, agus teangacha na ndaoine a tháinig chun na hEorpa ón iasacht. Is chun aird a tharraingt ar shaibhreas agus ar éagsúlacht na hoidhreachta teanga sin a chuir an tAontas Eorpach agus Comhairle na hEorpa tús le Bliain Eorpach na dTeangacha in 2001.

Tionóladh Lá Eorpach na dTeangacha den chéad uair in 2001 mar chuid de Bhliain Eorpach na dteangacha, nuair a eagraíodh na céadta ócáid, a raibh tionchar acu ar na milliúin in 45 thír. An AE agus Comhairle na hEorpa a chomheagraigh lá Eorpach na dteangacha. Leantar den obair, le feasacht an phobail a ardú faoi na teangacha a labhraítear san Eoraip, le héagsúlacht chultúrtha agus teanga a chur chun cinn agus le daoine – idir pháistí scoile agus daoine fásta – a spreagadh le teangacha a fhoghlaim.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 08:18:04

Admin/login Comments RSS

ILBF