Lá Dearg Bhéal Feirste – comhchraoladh Raidió na Life is Raidió Fáilte

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Beidh www.raidiofailte.com ag craoladh ceithre uair a chloig d’imeachtaí Lá Dearg Bhéal Feirste amárach, Dé Sathairn, beo agus spleodrach ag tosú le clár beo ag an Chultúrlann ó 1.00 go 2.00in. Déanfaidh www.raidionalife.ie an clár sin a chomhchraoladh. Rud a chiallaíonn go mbeidh tú i láthair cibé áit ar domhan thú agus rogha dhá stáisiún agat!

Déanfaidh www.raidiofailte.com an chuid eile d’imeachtaí an lae a thabhairt leat beo ó stiúideó an raidió ar Bhóthar na bhFál, ó thuairisceoirí sa tslua agus ansin le clár eile ó theach tabhairne Mc Hughs ar imeall Chearnóg Theach an Chustaim.

Mar aon leis an bheochraoladh beidh tuairiscithe ann ar chéad imeachtaí an lae deirg, mar a bheidh comhdháil faoi na ciorruithe ar irisí is suíomhanna Gaeilge ag tosú ar 11.00 sa Chultúrlann agus seoladh an leabhair ‘Ceol Baile’ le Marcas Mac Conghail a bheidh á seoladh sa Chultúrlann ar 12.30in. Fáilte roimh an achan duine a bheith i láthair nó i gcás nach féidir é tóg do shuíochán le taobh an raidió nó an ríomhaire, oscail an grán rósta, an popcorn agus cuir cluas le héisteacht ort féin!

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-09-21 00:47:18

Admin/login Comments RSS

ILBF