Lá Comórtha Iarbhaill Óglaigh na hÉireann an 2ú Meán Fómhair

náisiúnta, nuacht, Nuacht24
Lá Comórtha Iarbhaill Óglaigh na hÉireann an 2ú Meán Fómhair*



Cuireann an tAire Cosanta, an tUas. Simon Coveney TD, chomh maith le Ceann
Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Conor O'Boyle, fáilte
roimh iarbhaill de na fórsaí armtha, idir fhir agus mhná, chuig Airmheán
Traenála Óglaigh na hÉireann, Campa an Churraigh an 2ú Meán Fómhair chun
aitheantas agus ómós a léiriú dár gcuid iarbhall agus chun comóradh a
dhéanamh orthu.



Cuimhneoidh Óglaigh na hÉireann go speisialta inniu, Dé Máirt an 2ú Meán
Fómhair, ar na baill sin a bhásaigh sa bhaile nó ag fónamh thar lear, ag
searmanas cuimhneacháin ina leagfar bláthfhleasca.



*Clár imeachtaí*

 An tAire ag Léirbhreithniú na nIarbhall

Aitheasc an Aire

Searmanas leagtha bláthfhleasc



Aithníonn Óglaigh na hÉireann an obair ollmhór atá déanta ag baill de na
fórsaí armtha, idir fhir agus mhná, ar mhaithe le sochaí na hÉireann agus i
réigiúin naimhdeacha ar fud an domhain. Táthar ag súil go bhfreastalóidh os
cionn 1000 iarbhall ar an ócáid seo ag Airmheán Traenála Óglaigh na
hÉireann.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive