Kieran Mc Laughlin faoi ghlas

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir an PSNI go bhfuil siad buíoch don Gharda as an chuidiú a thug siad dóibh san oibríocht a chríochnaigh le gabháil Kieran Mc Laughlin i nDoire aréir. Ghabh péas an tUasal Mc Laughlin, a bhí á lorg ag an Gharda agus ag an PSNI le roinnt laethanta anuas, ghabh siad é i gceantar Baile na gCailleach. Dar leo go raibh gunnán aige leis ach nár scaoileadh piléar. Rinne péas cuardach go forleathan sa cheantar i ndiaidh dóibh Kieran Mc Laughlin a ghabháil agus b’éigean do roinnt daoine imeacht óna dtithe dá bharr. Tá an tUasal Mc Laughlin le ceistiú faoi dhúnmharú Barry Mc Crory, fear a scaoileadh chun báis in árasán i lár Dhoire Dé hAoine seo caite.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-24 13:07:05

Admin/login Comments RSS

ILBF