JohnMc Nulty ag éirí as an rás don tSeanad

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dhearbhaigh an Taoiseach inniu go bhfuil iarrthóir Fhine Gael i bhfothoghchán an tSeanad, John Mc Nulty, chun éirí as. D’éisigh John Mc Nulty ráiteas níos luaithe inniu ag maíomh nár rún dó dul ar aghaidh mar go dtarraingeodh a pháirtiocht sa toghchán aird ar shiúil ón obair atá ar bun ag an rialtas chun bonn a chur is a choinneáil faoin gheilleagar. Bhí conspóid agus mhórchonspóid ag baint le feachtas toghcháin an Chonallaigh agus go háirithe a cheapachán mar bhall de bhord Musaem Nua Ealaíne na hÉireann ar feadh roinnt seachtainí. Ba léir le cúpla lá anuas go bhfuil damáiste nach beag déanta agus á dhéanamh don pháirtí fad is go bhfuil an tUasal Mc Nulty á cur chun tosaigh. Dúirt an Taoiseach sa Dáil inniu gur ‘lig mé dom féin imeacht ó na caighdeáin a bhíonn i bhfeidhm agam de ghnách’ agus go raibh an próiseas seo faoi na caighdeáin a chleachtaíonn muid. Dar leis nach raibh aon locht ar an Uasal Mc Nulty sa phróiseas.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-18 10:03:58

Admin/login Comments RSS

ILBF