John Gilligan saor

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá John Gilligan saor i ndiaidh dó 17 mbliain a chaitheamh faoi ghlas. Ligeadh saor ó Phríosún Phort Laoise é ar maidin agus bhí casadh neamhghnách sa scéal nuair a lig na húdaráis do charr teacht isteach sa charcair chun go dtiocfadh le Gilligan dul isteach ann seachas go mbeadh air siúil tríd na sluaite d’iriseoirí a fhad leis an charr. Ar ball lean iriseoirí é chuig teach i mBaile Átha Cliath. Agus é ag caint le roinnt acu shéan John Gilligan go raibh aon bhaint aige le marú Veronica Guerin. Chuimhnigh sé gur cuireadh triail air agus gur dhearbhaigh an triail é sin.

Gearradh 28 bliain ar an Uasal Gilligan in 2001 nuair a ciontaíodh é as coireanna a bhain le canabhas. Ach laghdaíodh an téarma príosúnachta go 20 bliain am achomhairc. Fuair sé cúiteamh 5 bliain as dea-iompar agus é faoi ghlas agus baineadh roinnt blianta dá théarma cionn is an tréimhse a bhí caite aige faoi ghlas sa Bhreatain agus ansin faoi ghlas in Éirinn roimh a thriail. Tá tuairimíocht láidir ann nach bhfanfaidh sé in Éirinn i bhfad agus go rachaidh sé a chónaí thar lear.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-26 06:32:49

Admin/login Comments RSS

ILBF