Joe Higgins, beidh mé i mo pholaiteoir go fiú mura mbeidh mé sa Dáil

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir an Teachta Dála Joe Higgins nach mbeidh sé ag dul chun tosaigh don Dáil sa chéad olltoghchán eile. Dhearbhaigh sé inné go leanfaidh sé leis mar Theachta Dála do Bhaile Átha Cliath Thiar go dtí go mbeidh an chéad olltoghchán eile ann in 2016 ach nach mbeidh sé ag dul chun tosaigh don Dáil ansin. Dar leis go bhfuil sé muiníneach go dtig le baill aitheanta eile den Pháirtí Sóisialach ar nós Ruth Coppinger agus Paul Murphy, an páirtí a thabhairt chun cinn. Tá Joe Higgins 67 bliain d’aois ach deir sé gur rún dó leanúint ar aghaidh i saol na polaitíochta go fiú nuair atá sé imithe ón Dáil.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-22 10:05:17

Admin/login Comments RSS

ILBF