Joe Brolly – ní gnó le duine ar bith eile é ainm clubanna CLG

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir an tráchtaire Joe Brolly nach gnó duine ar bith eile é má thógann clubanna CLG ainmneacha orthu féin a dhéanann comóradh ar Phoblachtaigh. Dar leis go bhfuil sé iontach bródúil as gur baisteadh club Kevin Lynch ar chlub iomána ina bhaile dúchais féin, Dún Geibhinn. ‘D’imir Kevin iomáint don chontae agus don chlub áitiúil agus sin an chúis ar baisteadh club Kevin Lynch ar an chlub áitiúíl’ ar seisean. Dar leis nach bhfuil sé sa rírá ag Aontachtaithe faoi ainmneacha clubanna de chuid an CLG ach ‘seó taoibhe.’ Mhol sé Peter Robinson as a bheith i láthair ag ócáid a reáchtáil Cooperation Ireland aréir chun aitheantas a thabhairt don obair mhór atá déanta ag an CLG chun athmhuintearas a chur chun tosaigh sa tuaisceart. Mhaígh Joe Brolly,  ‘Tá an CLG ag obair go cíochrach chun athmhuintearas a chur chun cinn sa tuaisceart, oiread is a ligeann na coinníollacha dóibh déanamh amhlaidh.  Tá Peter Robinson i ndiaidh dul chomh fada agus a dtiocfadh leis – agus b’éigean dó tagairt a dhéanamh do chlubanna ar nós na Kevin Lynch’s. Ach ba é an rud tábhachtach é ná go raibh sé ag an ócáid aréir.’

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-22 00:21:07

Admin/login Comments RSS

ILBF