Is í Frances Fitzgerald an tAire nua Dlí is Cirt

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

D’fhógair an Taoiseach atheagar ar an rialtas ar maidin. Is í Frances Fitzgerald, an tAire atá freagrach go dtí seo Páistí agus Gnóthaí Óige a thógfaidh áit Alan Shatter mar Aire Dlí. Tógfaidh Charlie Flanagan, cathaoirleach ar Fhine Gael, an Aireacht Páistí agus Gnóthaí Óige. Tógfaidh an Taoiseach cúram na Roinne Cosanta aige féin fad is go bhfuil an Roinn á atheagrú. Tá Frances Fitzgerald i ndiaidh a bheith ag caitheamh seal ina Aire le cúram do sé Aireachtaí éagsúla ó rinneadh Aire di an chéad lá anuas.  Is Teachta Dála í do Bhaile Átha Cliath Thiar Láir cé go raibh sí ar feadh 10 mbliain ina Teachta do Bhaile Átha Cliath Thoir Láir.  Bhí sí seal i gceannas ar an fhreasúra sa 23ú Seanad. Tá sí pósta agus triúr mac aici. Feictear mar liobrálach í ar cheisteanna sóisialta, rud a thaithneoidh le Páirtí an Lucht Oibre.

Dlíodóir é an Teachta Flanagan, Teachta do Laois / Uíbh Fhailí. Mac é le Oliver J, an Teachta don toghcheantar sin ó 1943 go 1987. Toghadh Charlie Flanagan don Dáil in 1987 ach chaill sé a shuíochán in 2002 gur atoghadh é in 2007.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-18 19:10:57

Admin/login Comments RSS

ILBF