‘Is gá áit na n-irisí Gaeilge sa tsocrú a athmheas’ – Ó Brollacháin

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá sé ráite ag Dominic Bradley Ball Thionól an Tuaiscirt de chuid Pháirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre go bhfuil fearg air toisc nach bhfuil oifigigh Fhoras na Gaeilge sásta leanúint le maoiniú na n-irisí Gaeilge, An tUltach ina measc. Ag labhairt  tar éis chruinniú a bheith aige agus le Cathaoirleach Choiste An tUltach le Príomhfheidhmeannach agus Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge bhí an méid seo le rá aige, ‘Níl sé ar dhóigh ar bith soiléir go fóill cén straitéis atá ag Foras na Gaeilge do na foilseacháin Ghaeilge. Rinneadh an cinneadh deireadh a chur le maoiniú na n-irisí reatha gan aon phlean idirlinne nó aon phle leo conas a d’fhéadfaidís ról lárnach a bheith acu sa todhchaí. ‘Ta seirbhís iontach curtha ar fáil ag na hirisí seo leis i gcaitheamh na mblianta – le nócha bliain anuas i gcás An tUltach – ag soláthar ábhar leítheoireachta do phobal na Gaeilge. ‘Níor chóir na hirisí a chaitheamh ar leataobh gan na féidthearachtaí a ghabhann leo don todhchaí a inniúcadh. Beidh mise ag iarradh ar bhaill Bhord an Fhorais áit na n-irisí sa tsocrú nua maoinithe a athmheas.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-27 18:42:24

Admin/login Comments RSS

ILBF