‘Is éigean Sár (Tsar) na Gaeilge’

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Sár na Gaeilge de dhíth

 

Cén fáth nach bhfuil Sár na Gaeilge againn sa Tuaisceart?

Duine amháin a dtiocfadh leis nó léi labhairt thar ceann phobal na Gaeilge, agus duine a bheadh ina phointe teagmhála ag na meáin ar gach ceist a bhaineann leis an Gaeilge.

Is cuma nach mbeadh cumhachtaí ná freagrachtaí dlíthiúla ag an sár seo – bheadh údarás ag baint le Sár na Gaeilge sna meáin Bhéarla mar gheall ar an teideal amháin.

Bheadh an Sár seo ar chomhchéim leis an Choimisinéir Teanga ó theas ó thaobh oibre de agus tuigbheáil acu ar na constaicí ar leith a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge sa Tuaisceart.

An dtig le Foras na Gaeilge post mar seo a chruthú?

 

le meas,

 

 

Gearóid Ó Muilleoir

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-22 20:19:11

Admin/login Comments RSS

ILBF