‘Is dona linn nár labhair muid faoi roimhe seo’ Coimisiún Ombudsman an Gharda

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

I ráiteas anocht thug Coimisiún Ombudsman an Gharda le fios gur aimaíodh tri aimhrialtacht leictreonach nárbh fhéidir a mhíniú go sásúil nuair a rinne comhlacht ón Bhreatain iniúchadh cuimsitheach ar na bealaí cumarsaide a bhí in úsáid ina n-oifigí. Dar leis an Choimisiún gur dona leo anois nár chuir siad in iúl do pháirtithe eile ag an am go raibh seo amhlaidh ach go raibh leisc orthu mar gheall ar an bhuairt go dtosófaí ar síneadh méara I dtreo amháin nó eile agus cionn is go raibh siad den bharúil nach laghdódh tuairisciú forleathan ar mhuinín an phobail as an Choimisiún. Chuir Simon O’Brien, Cathaoirleach ar an Choimisiún, an tAire Dlí Alan Shatter ar an eolas faoi seo ar fad inniu deir siad agus chuir siad  in iúl lena chois nár baineadh de bunachar an Choimisiúin. Chríochnaigh an fiosrúchán a bhí ar bun ag an chomhlacht iniúctha ar 17 Nollaig anuraidh.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-31 01:38:45

Admin/login Comments RSS

ILBF