‘Irish politicians becoming more strident in their anti-Israeli stance’ Times of Israel

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir an Times of Israel, atá ar fáil ar an idirlíon, go bhfuil clú le fada ar Éirinn as a bheith ar son na bPalaistíneach ach gur amhlaidh is treise a gcáineadh ar Iosrael ná riamh. In alt fada labhraíonn siad le Barry Williams, bunaitheoir ar Ireland4Israel, tagraíonn do cháineadh a rinne colúnaí an Irish Times, Stephen Collins ar Ghearóid Mc Adam ag lorg sos bomaite sa Dáil an tseachtain seo caite agus tuairiscíonn an seasamh atá tógtha ag Comhairle Átha Cliath faoi airm a dhíol le hIosrael. Tugtar suntas lena chois do People Before Profit agus comhairleoir dá gcuid, an Comhairleoir Hugh Lewis, a bhain anuas bratach Iosrael ó imeacht a bhí ar siúil ag Cuan Dhún Laoghaire.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-17 06:52:30

Admin/login Comments RSS

ILBF