Ionsaí arís eile ar oifigí Pháirtí an Chomhaontais i mBéal Feirste

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Ionsaí arís eile ar oifigí Pháirtí an Chomhaontais i mBéal Feirste

 

Rinneadh ionsaí aréir, don dara oíche as a chéile, ar oifigí Pháirtí an Chomhaontais i mBéal Feirste Thoir. Caitheadh seacht mbuama artola ar an fhoirgneamh Dé Máirt. Agus aréir caitheadh buama artola amháin ar a laghad mar aon le buamaí peinte i gcoinne aghaidh an fhoirgnimh. Deir ceannaire an Pháirtí, David Ford, nach ligfidh sé do dhaoine atá i gcoinne an daonlathais an lámh in uachtar a fháil ar na vótóirí agus ionadaithe tofa. Tá dílseoirí ag ionsaí an pháirtí agus a gcuid oifigí go rialta i ndiaidh do Pháirtí an Chomhaontais vótáil ar son bhrat Shasana a chur in airde ar Halla Cathrach Bhéal Feirste 17-18 lá sa bhliain seachas 365 lá mar a tharla roimhe seo.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-20 01:35:55

Admin/login Comments RSS

ILBF