Ionsaí ar ‘plaic gorm’ i gcuimhne ar Jemmy Hope

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Rinneadh loit oíche Luain ar phlaic gorm a tógadh ar na mallaibh in aice le huaigh Jemmy Hope, duine de na hÉireannaigh Aontaithe a bhí chun tosaigh in Éirí Amach 1798 in Aontroim. Níl sé ach mí ó chuir Cumann Staire Uladh an plaic in airde in Maigh Bhloisce, cóngarach don áit a bhfuil Jemmy Hope curtha. Ach oíche Luain rinneadh ionsaí ar an phlaic agus scriosadh é. Dar leis an Chumann gur seo an chéad uair riamh ar ionsaíodh plaic ar bith dá gcuid.

Dar le Cathaoirleach ar an Chumann Staire, Chris Spurr, go bhfuil 170 plaic agus breis curtha in airde le 30 bliain anuas agus nár ionsaíodh oiread is ceann amháin acu riamh. Deir sé iarracht atá san ionsaí seo chun cinsireacht a dhéanamh, rud atá glan i gcoinne na hiarrachta atá ar bun acu le heolas a scaipeadh agus ceiliúradh a dhéanamh ar shaibhreas na staire atá sa tuaisceart. ‘Is dócha gur cuspóir seicteach de shórt éigin a bhí i gceist leis seo ach tá bealaí níos fearr chun pointe a dhéanamh ná seo. Agus is amhlaidh is brónaí go bhfuil an sloinne Hope chun tosaigh ar an phlaic scriosta seo.’

Preispitéireach a ba ea Jemmy Hope a tháinig go mór faoi thionchar réabhlóid Mheiriceá agus réabhlóid na Fraince agus bhí sé thar a bheith gníomhach sna hÉireannaigh Aontaithe. In 1798 bhí sé páirteach le Henry Joy Mc Cracken i gcath Aontroma agus chuaigh ar a sheachaint. Bhí páirt aige chomh maith in eagrú Éirí Amach Roibeard Emmet in 1803.  Fuair sé bás in 1846 agus cuireadh é i Maigh Bhloisce.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 23:59:17

Admin/login Comments RSS

ILBF