Iomaíocht go leor don nuacht-shuíomh nua Gaeilge

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Bhí tuairimíocht ann tráthnóna inniu go bhfuil dá, b’fhéidir trí iarratas ar an chonradh do nuacht-shuíomh nua Gaeilge curtha isteach ag grúpaí atá lonnaithe i mBéal Feirste. Meastar lena chois go raibh ar a laghad dá iarratas eile á ndéanamh réidh ag grúpaí eile. Níl aon eolas cruinn fós faoi cá mhéad de na grúpaí a bhí ag beartú iarratas a chur isteach , cúig cinn ar a laghad, a chuir dlaoí mullaigh ar an iarratas agus a sheol isteach é in am don spriocam ag 1.00 inniu.

Is eol go raibh grúpaí éagsúla ag obair go dian ar a n-iarratas suas go dtí an bomaite deiridh inniu agus go bhfuair roinnt tráchtairí fiosrú ó dhá nó trí ghrúpa éagsúla le seachtain anuas ag iarraidh fáil amach an mbeadh siad sásta colún a scríobh don nuacht-shuíomh nua. Tá an Foras chun €1.2m a chur ar fáil thar tréimhse 4 bliain don fiontar a thiocfaidh i gcomharbacht ar Ghaelscéal agus foilseacháin eile Gaeilge a bhí ann le blianta beaga anuas. Beidh tuilleadh eolais faoin scéal amach anseo.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-22 15:44:29

Admin/login Comments RSS

ILBF