Insealbhú Uachtarán Oireachtas na Gaeilge

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

oireachtasInsealbhú Uachtarán Oireachtas na Gaeilge

Grianghraf leis an tOireachtas

 

Insealbhaíodh an Dr. Pádraig Ó Héalaí mar Uachtarán Oireachtas na Gaeilge 2014, inniu, an 13 Feabhra, i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath. Beidh Pádraig, arb as an bhFeothanach i nGaeltacht Chorca Dhuibhne dó ó dhúchas, agus atá ag cur faoi anois i gCois Fharraige, ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge don bhliain seo amach romhainn. Ba é searmanas an lae inniu an chéad cheann den liosta fada ócáidí a bheidh ag an Oireachtas i 2014. Is i gCill Airne, Co. Chiarraí, a bheidh an ócáid is mó, Oireachtas na Samhna, i mí Dheireadh Fómhair.

Bhí an Dr Ó Héalaí ina Léachtóir le Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad sular ceapadh é in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. An béaloideas a shainréimse léinn agus tá a lán foilsithe aige ar an ábhar. Tá sé ina chomhbhunaitheoir agus ina Chathaoirleach ar Chumann Béaloidis Chonamara, agus tá blianta tugtha aige ina Rúnaí agus ina Chathaoirleach ar Chumann Forbartha Chois Fharraige. Thosaigh sé ag freastal ar an Oireachtas i dtús na seachtóidí agus bhí sé ina mholtóir go rialta ar na comórtais scéalaíochta ann ó shin.

“Is le humhlaíocht mhór agus uirísle a ghlacaim le gradam na hUachtaránachta ón eagraíocht stairiúil seo atá lárnach i saol na Gaeilge” arsa an Dr Ó Héalaí agus slabhra na hoifige á bhronnadh air. “Is é an tOireachtas an stáitse is mó agus is feiceálaí a léiríonn an bheogacht, an spleodar agus an tathag atá sa teanga shaibhir seo againne. Is ceiliúradh é an tOireachtas ar ár dteanga, agus is údar mórtais domsa bheith ceangailte ag an slabhra oifige seo le príomhfhéile náisiúnta na Gaeilge” a deir sé.

Tá clár an-leathan d’imeachtaí ag Oireachtas na Gaeilge arís i mbliana, ina measc, Comórtais Liteartha an Oireachtais a bheidh á bhfógairt go luath agus Oireachtas na Samhna a bheidh ar siúl i mí Dheireadh Fómhair.

“Is cúis áthais dúinn go mbeidh an Dr Ó Héalaí ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge i 2014” arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais.  “Tá sé tar éis a bheith ina chomhalta dílis den Oireachtas ar feadh na mblianta agus tá an-chuid déanta aige maidir le cur chun cinn na scéalaíochta ach go háirithe. Beidh sé ina ambasadóir den scoth ar son an Oireachtais sa bhliain amach romhainn” a dúirt sé.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-18 19:19:55

Admin/login Comments RSS

ILBF