Imeachtaí foclóireachta ag an Oireachtas

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Mar chuid d’Oireachtas na Samhna i gCill Airne, tá sraith d’imeachtaí foclóireachta á reáchtáil ag Foras na Gaeilge Déardaoin 31 Deireadh Fómhair in Óstán Brehon. Beidh leaganacha ar líne d’Fhoclóir Béarla-Gaeilge de Bhaldraithe (1959) agus d’Fhoclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill (1977) á seoladh go hoifigiúil an tráthnóna sin ag an Dr Éamonn Ó hÓgáin, mar aon le Bunachar Gramadaí agus Bunachar Foghraíochta ina mbeidh fáil ar eolas ábhartha faoi fhocail Ghaeilge. Roimhe sin i gcaitheamh na hiarnóna beidh cur i láthair á dhéanamh ag foireann an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge ar chur chuige an tionscadail reatha, agus beidh siompóisiam foclóireachta ann ina mbeidh Éamonn Ó Dónaill, Aoife Ní Chonchúir agus Lochlainn Ó Tuairisg ag caint ar riachtanais agus ar thaithí grúpaí éagsúla de phobal na teanga i dtaca le foclóireacht na Gaeilge. Beidh seisiún plé oscailte i ndiaidh na gcainteanna sin ina bhfáilteofar roimh thuairimí agus roimh cheisteanna. Tá fáilte roimh chách agus saorchead isteach ag gach imeacht acu. Tá clár iomlán na n-imeachtaí foclóireachta faoi iamh leis an nóta seo agus le fáil chomh maith ag http://www.focloir.ie/ga/page/irishlex.html <http://www.focloir.ie/ga/page/irishlex.html>

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-24 04:12:31

Admin/login Comments RSS

ILBF