Imeacht agóide ag Teach Laighean Dé hAoine

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá an Conradh agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (le cúnamh ó na Cumainn Gaelacha tríú leibhéal chomh maith) ag eagrú imeacht sa phobal amárach dírithe ar aird na meáin chumarsáide a tharraingt ar scéal an Choimisinéara agus cearta teanga do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta. Beidh sé ar siúl amárach, Dé hAoine, lasmuigh de Theach Laighean, Sráid Chill Dara, ag 13.00.

Bheadh sé go hiontach da mbeifeá in ann a bheith ann nó/agus dá bhféadfá an scéal a scaipeadh i measc daoine a shíleann tú a bheadh ar fáil le bheith ann.

Ní neart go cur le chéile.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive