Idir 120,000 – 200,000 páirteach i 100 léirsiú fud an stáit

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Bhí idir 120,000 agus 200,000 duine páirteach i léirsithe is imeachtaí fud fad an stáit inniu. Dar le lucht a eagraithe gur sháraigh an líon daoine a tháinig amach an tuar a bhí déanta go fiú acu féin agus gur chuimhnigh sé do pholaiteoirí is don phobal nach bhfuil glacadh le taillí uisce agus nach mbeidh glacadh le taillí uisce. Bhí os cionn 20,000 i láthair ag an léirsiú ar Shráid Uí Chonaill, an agóid is mó i mBaile Átha Cliath, áit a raibh os cionn 20 agóid. Bhí corradh is 10,000 i láthair i gCorcaigh, 8,000+ i nDroichead Átha, tuairim is 10,000 i Leitir Ceannain, agus dá réir, cé go bhfuil plé ann faoi fhigiúirí cruinn maidir leis na léirsithe.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-22 20:12:19

Admin/login Comments RSS

ILBF