Iarsmaí Áite – taispeántas nua i gCultúrlann Mc Adam – Ó Fiaich
Déardaoin 6 Márta, 7:00in
Seoladh Taispeántais
Iarsmaí Áite
Le John Mc Hugh & Nuala Ní Fhlathúin
Taispeántas de shaothar úr ó John McHugh agus Nuala Ní Fhlathúin. Eascraíonn an
saothar seo as taighde a rinneadh in dhá cheantar Gaeltachta: Baile na hAbhann i gCo
na Gaillimhe, agus Oileán Acla i gCo Mhaigh Eo. Tá stair agus seanchas ag baint leis
na ceantair thuaithe seo, ach le himeacht ama tá sean nósanna agus seanscéalta ag
imeacht in éag. Fós féin tá lorg an t-am atá caite le fáil i gcuimhne chinn an phobail
agus in iarsmaí fisiceacha sa tírdhreach. Le linn an togra seo d’oibrigh na healaíontóirí
go neamhspleách ina gceantair féin ach rinne siad forbairt ar théama coiteann. Trí
dhealbhóireacht, líníocht agus ealaín suiteála scrúdaítear an chumhacht atá ag ómós
áite i saol na ndaoine.