Iarrachtaí ar bun chun leacht cuimhneacháin a thógáil ag oll-uaigh na bpáistí

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Táthar ag iarraidh €5,000 a bhailiú chun go bhféadfaí leacht a chur in airde ag oll-uaigh ina bhfuil taisí 800 páiste i dTuam na Gaillimhe. Tá an uaigh le taobh sean áras do mháithreacha neamhphósta a bhíodh á reáchtáil ag mná rialta ó na 1920í go na 1960í. Dar leis an bhean a chéad tháinig ar an eolas, stairí áitiúil, Catherine Corless, gur ionadh léi nach bhfuil daoine níos corraithe faoin scéal seo ná mar a bhí chuige seo. ‘Dá n-aimseofaí taisí bheirt pháiste bheadh daoine iontach tógtha agus bheadh sé ina mór nuacht’ ar sise. ‘Ach tá taisí beagnach 800 páiste i gceist anseo.’  Tá €2,000 bailithe cheana féin ach dar léi go bhfuil sé iontach tábhachtach go dtabharfadh daoine tacaíochta le go dtiocfadh leo aitheantas a thabhairt do na páistí atá curtha ann. Bhronn an comhairle áitiúil airgead don leacht agus ba mhaith leo sin atá ina bun plaic le 796 ainm air a chur in airde ann mar aon le dealbh beag.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-24 11:27:33

Admin/login Comments RSS

ILBF