Ian Paisley i ndiaidh a bháis

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tuigtear go mbeidh tórrnamh príobháideach ann ar ball do Ian Paisley , atá i ndiaidh a bháis. Bhí sé 88 bliain d’aois. Dhearbhaigh a bhean Eileen go bhfuair Ian Paisley bás inniu agus go bhfuil sé imithe chuig a bhuansciste dar léi. Ba é a bhunaigh an Eaglais SaorPhréispitéireach agus ar ball an DUP. Ó lár na 1990í d’imigh sé ón pholaitíocht ionsaitheach seicteach a chleachtaigh sé roimh thús na dTrioblóidí agus feadh na dTrioblóidí. D’oibrigh sé go réidh le Sinn Féin agus é ina Chéad Aire ar na Sé Chontae. Agus le blianta beaga anuas d’éirigh iad é agus a chlann is baill eile de cheannasaíocht an DUP. D’éirigh fosta idir é agus an tEaglais a bhunaigh sé, an Eaglais SaorPhréispitéireach. Ach in ainneoin go raibh íomhá agus caint ó Ian Paisley le blianta beaga anuas a bhí ar a mhalairt dóigh ar an chaint is íomhá a chleachtaigh sé feadh na dTrioblóidí ba dheacair ag go leor náisiúnaigh ó thuaidh é a mhaitheamh as an nimh do Chaitlicigh a chothaigh sé agus as an ról lárnach a bhí aige in imeachtaí ag tús agus feadh na dTrioblóidí.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 18:15:24

Admin/login Comments RSS

ILBF