Ian Paisley – duine orthu sin a chuir tús leis na Trioblóidí?

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Rugadh Ian Kyle Paisley in 1926 i gContae Ard Mhacha. Ba mhinistir a athair agus ba shóiscéalaí í a mháthair.

D’fhás Ian Paisley aníos i mBaile Manach agus ar ball ba é an limistéir a ba dhílse dó is ba bhródúla as.

Thug sé a chéad sheanmór poiblí agus é 16 bliain d’aois in Halla i dTír Eoghain. Agus é in aois 25 bliain bhunaigh sé a eaglais féin, an Eaglais SaorPhréispitéireach.

 

Mhunlaigh Ian Paisley é féin ar soiscéalaithe Dheisceart Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhain sé iomlán tairbhe agus tharraing aird ar a mhó is a bhí sé i gcruth agus ar a mhór is a bhí a ghlór. Chleachtaigh sé an athrá is an glór mothúlach a chleachtaigh sóiscéalaithe an deiscirt agus dála iadsan ní fhaca sé aon scaradh idir polaitíocht, creideamh agus eile. Dar leis go raibh an troid le cur ar achan fronta.Agus chreid sé i dtroid, bíodh troid le focail, le roscanna nó le gníomh sráide i gceist.

Tharraing Ian Paisley aird an phobail in Éirinn agus in Albain in 1956 nuair a reáchtáil sé ócáid phoiblíochta faoi  Maura Lyons, Caitliceach óg as an tuaisceart a bhí in amhras faoina creideamh agus a tugadh go hAlbain, áit a rinne Paisley í a úsáid chun amhras a chothú faoin Caitliceachas. Dhiúltaigh sé cuidiú leis na húdaráis teacht ar Maura Lyons.

Ó na luath1950í ar aghaidh bhí Ian Paisley ag cur suime mhór i bpolaitíocht agus chuidigh sé le roinnt iarrthóirí Aontachtacha i mBéal Feirste cionn is bá aige le tuairimí dá gcuid. Bhíodh sé ag caint go poiblí faoi chúrsaí polaitíochta agus faoi chúrsaí creidimh agus roinnt uaireanta tharla trioblóid díreach i ndiaidh a chuid slógaí. In 1964 tharla ceann de na círéibí a ba mheasa le fada i mBéal Feirste nuair a bhagair Ian Paisley scaifte dílseoirí a thabhairt isteach i gceantar na bhFál chun bratach na dTrí Dhath a bhain anuas ó oifig toghcháin Poblachtach.

In 1965 thug sé slua de 1,000 Aontachtach go Stormont le cur i gcoinne teacht le chéile idir Sean Lemass agus Terence O’Neill. Agus in 1967 chaith sé liathróidí sneachta ar Jack Lynch nuair a thug sé cuairt ar na Sé Chontae.

Taobh le taobh ar a thionchar ar an tsráid agus i gcúrsaí na polaitíochta bhí sé i rith an ama ag cur i gcoinne an éacúimeachais. Ó cur picéid ar mhaithe mhóra na n-eaglaisí nó ar pholaiteoirí, nó ag déanamh magadh ar abhlann Comaoineach a bhíonn ag Caitlicigh nó ag iarraidh Protastúnaigh a thabhairt le chéile ‘ar mhaithe lena gcosaint’ níorbh fhada go raibh aird agus iomrá air. Agus scanraigh Paisley agus a iompar is a bhliústar ceannairí Aontachtachta, idir pholaitiúil agus eaglasta.

Chaith sé roinnt seachtainí faoi ghlas in 1968 nuair a reachtáil sé ‘frithléirsiú’ i gcoinne lucht Cearta Sibhialta in Ard Mhacha. Agus bhí sé chun tosaigh sa troid i gcoinne lucht cearta sibhialta ó thuaidh ó na luathlaethanta ar aghaidh. Chuir an seal a chaith sé faoi ghlas go mór lena hiomrá agus in 1970 toghadh ina fheisire Westminster é do Aontroim Thuaidh.

In 1971 bhunaigh sé an DUP agus thug faoin troid mhór fhada idir iad agus an UUP.

Ba mhór an bhagairt é i gcónaí d’aon cheannaire Aontachtach a bheadh luí aige comhréiteach a dhéanamh le náisiúnaithe ó thuaidh. Bhí ról aige i gcónaí mar fhear ‘sráide’ mar aon le cléireach agus le polaiteoir. Bhí sé ceangailte go dlúth le stailc an UWC in 1974 agus leis an dara stailc in 1977.

Reáchtáil sé léirsithe is slógaí i rith an ama agus bhí líomhaoin ann go rialta, go háirithe ag leithéidí David Ervine, go raibh ceangal aige ar shlí nó eile leis an UVF, rud a shéan sé riamh anall.

Is amhlaidh gur mhéadaigh a tharraingt agus tarraingt a theachtaireachta, gur gá gan orlach a gheilleadh do náisiúnaithe, do Chaitlicigh nó do dhream ar bith a bhí ag teacht salach ar an Bhíobla, (homaighnéasaigh, éacuiméineaigh srl).

Bhí drochghlacadh thar lear lena agóid nuair a thug an Pápa Eoin Pól 11 cuairt ar Pharlimint na hEorpa ach ní dhearna siad dochar ar bith dó sa tuaisceart. Bhí sé feadh an ama ar an fheisire Eorpach is mó vóta sa tuaisceart.

Sna 1980í bhí sé ceangailte le bunú an fhórsa paraimhíleatach, Ulster Resistance agus reachtáil sé a fheachtas ‘Save Ulster from Sodomy.’ Agus i rith an ama chinntigh a láidreacht pholaitiúil go mba dheacair ag aon cheannaire Aontachtach comhaontú a dhéanamh le náisiúnaithe gan é a bheith ar bord.

Bhí sé chun cinn san fheachtas i gcoinne an Chonradh Angla-Éireannaigh agus ar ball sheas sé go docht i gcoinne Fhórógra Sráid Downing.

I gcuideachta David Trimble sheas siad beirt le hÓráistigh agus iad ag iarraidh dul síos Bóthar Garbhachaidh agus nuair a smachtaigh an RUC na mílte náisiúnaigh chun go mbrúfí Óráistigh síos an bóthair bhí Ian Paisley agus David Trimble cathréimeach agus iad chun tosaigh ar an mhórshiúil.

Sheas sé i gcoinne Chomhaontú Aoine an Chéasta in 1985 agus mheall slógadh ag Halla na Cathrach i mBéal Feirste os cionn 100,000 Aontachach chun éisteacht lena rosc ‘Never, never, never, Never!’ Ach de réir mar a rinneadh príomhpháirtí na nAontachtach den DUP mhaolaigh Paisley ar a naimhdeas do chomhréiteach le Sinn Féin.

Sa deireadh rinne sé comhréiteach agus chuir a údarás pearsanta leis. Ba chumhachtach an siombail é suí le taobh Gearóid Mc Adam ag Stormont i mí Bealtaine 2007. Rinneadh Céad Aire dó don tionól agus Martin Mc Guinness ina leasChéad Aire leis.

A luaithe is a bhí sé i gcumhacht agus é is a pháirtí i gceannas bhí ról iontach dearfach aige i bpolaitíocht na Sé Chontae. Oiread sin is nár thaitin a sheasamh le baill áirithe de cheannasaíocht an DUP. Thosaigh siad ag cur i gcoinne Ian Paisley agus i gcoinne a mhic, Ian Óg, sa Tionól agus in imeacht ama d’éirigh Ian Paisley as sula ndéanfaí é a dhíbirt. Bhí sé míshásta faoin dóigh a chaith an páirtí agus ar ball a heaglais leis agus ina bhlianta deiridh rinne sé ceistiú ar an íomhá poiblí a bhí luaite leis feadh na dTrioblóidí. Thug sé agallamh fada don iriseoir Eamon Malley a craoladh ar an BBC anuraidh agus a thug léargas ar an dóigh a chonaic sé é féin.

Bhí sé tinn le roinnt blianta anuas.

Tá go leor náisiúnaithe, ní sna Sé Chontae amháin, a chreideann gur chothaigh caint is gníomh theasaí Ian Paisley sna 1950í-1960í atmaisfear a rinne dosheachantach na Trioblóidí. Agus cé go raibh íomhá níos dearfaí aige ina bhlianta deiridh ní mhaithfidh scair acu dó na rudaí a rinne sé is a dúirt sé an t-am sin. Dearfaidh lucht a chosanta gur tharla na Trioblóidí mar gheall ar go leor daoine gníomhú nó caint ar bhealach áirithe ag am áirithe agus mar gheall ar bhunfhadhbanna an stáit ó am a bhunaithe.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-20 11:25:22

Admin/login Comments RSS

ILBF