I ndiaidh Lá Mór na Gaeilge tá buille le bualadh – colún le Gearóid Ó Cairealláin

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

I ndiaidh Lá Mór na Gaeilge tá buille le bualadh

 

 

Tógann sé mo chroí a léamh anseo ar www.nuacht24.com go raibh rud éigin cosúil le 543,000 amharc ar an suíomh seo ó chuaigh an leagan clóite de Nuacht24 ar líne i mí Bealtaine 2009.

Ábhar machnaimh agus ceacht do dhream ar bith atá ag smaoineamh ar thabhairt faoin nuachtshuíomh nua atá Foras na Gaeilge le maoiniú.

Ach léiriú lena chois ar na féidearthachtaí atá ann don in am seo na bhféidearachtaí ó thaobh na hiriseoireachta Gaeilge de. Moladh do gach duine a raibh baint acu leis agus luaim go háirithe Áine Nic Gearailt, ar bronnadh Gradam uirthi i gcuideachta cúigear ban eile ag ócáid in Halla na Cathrach i mBéal Feirste Lá na Féile Pádraig. B’í a choinnigh dlús faoi Nuacht24 nuair a saolaíodh é i ndiaidh imeacht Lá Nua agus Lá roimhe. Agus ar ndóigh baint aici leo ar fad. Agus bheadh gach duine de na mná seo, Noelle Ryan, Orla Ní Shíomóin, Máire Nic Fhionnachtaigh, Áine, Clára agus mo bhean uasal féin, Bríd uilig molta dá mbeinn i mo thost. Go maire sibh bhur nGradam.

Bhí mé ag an ócáid in Halla na Cathrach agus treaslaim ag an Ard Mhéara Máirtín Ó Muilleoir as an chuid is fearr den Ghaeilge agus de shaol na Gaeilge a chur ní amháin istigh in Halla na Cathrach ach os comhair an phobail ar fad. Le go dtiocfadh le gach duine cuma cén aicme, creidreamh, cúlra iad, tuiscint gur acmhainn iontach cultúrtha agus daonna í an Ghaeilge.

Faraor géar ní raibh mé abálta freastal ar Lá Mór na Gaeilge a tionóladh i mBaile Átha Cliath tá tamall ó shin. Bhí mé iontach gafa le gnóthaí drámaíochta ag an am agus i bhfírinne bhí mé faoi chuing na hoibre go dtí an tseachtain seo caite. Is é an rud é go raibh mo shaol taobh amuigh den drámaíocht curtha ar ceal.

Buíochas le Dia, nó BLD faoi mar a deir lucht na téacs-cainte liom, tá na Monológa críochaithe go gceann tamaill anois  agus féadaim pilleadh ar ghnáthchúrsaí an tsaoil. D’éirigh leis na Monológa de réir slat tomhais ar bith.

Sa chéad dul síos chuir sé lúcháir orm gur éirigh liom an scriopt a scríobh ar chor ar bith. Fís agus aisling a stiúrthóra, Bríd Ó Gallchóir mo bhean chéile, a bhí ann ón chéad lá. Chreid sise ann ón tús. Ba í a mhol an rud is a choinnigh mise ag dul dó. Sa deireadh líonadh Amharclann Shiobhán Nic Chionnaith sa Chultúrlann dá oíche as a chéile agus bailíodh slam maith airgid do lucht Heart Chest and Stroke.  Buíochas mar sin d’achan duine a bhí páirteach san fhiontar agus go háirithe d’achan duine a tháinig.

Dála an scéil tá sceideal á chur i dtoll a chéile le haghaidh na hathbheochana níos faide amach anseo agus beidh léirithe i mBéal Feirste, i mBaile Átha Cliath agus in áiteanna eile. Coinnigh súl ar an spás seo……

Ach le pilleadh ar Lá Mór na Gaeilge. Macasamhail go leor eile baineadh stangadh asam ar fheiceáil na mílte a tháinig amach agus iad dearg le fearg siocair rialtas is údárais na 26 Chontae caitheamh go dona leis an Choimsinéir Teanga, leis an Ghaeltacht, le lucht Gaeloideachais agus le gach uile Gael againn.

Ní dodhéanta an beart é, dar le duine ar bith reasúnta, foirmeacha stáit uilig a bheith dátheangach. Nó go mbeadh státseirbhísigh ar fáil in achan rannóg den earnáil phoiblí chun gnó a dhéanamh i nGaeilge ar an ghuthán.

Tá na cainteoirí Gaeilge ar fáil ach an bhainisteoireacht agus an t-eagrú a bheith déanta mar is ceart. Agus an phoiblíocht a dhéanamh ar ndóigh le cur in iúl don phobal gur féidir gnó a dhéanamh as Gaeilge leis an earnáil poiblí. Ar ndóigh ní tharlóidh a leithéid gan bhrú agus brú mór. Cad é an chéad chéim eile mar sin?

Tá na toghcháin áitiúla mar aon le toghchán na hEorpa le bheith ann go luath agus ní fada uainn toghcháin na Dála.

Idir na mílte duine a léirsigh ar Lá Mór na Gaeilge agus na mílte eile a aontaíonn leo thiocfadh dó go bhfuil corradh le 20,000 vóta i gceist. Go leor le páirtithe an Chomhrialtais a dhaingniú seal eile, nó leis an fhreasúra a chur in áit na cumhachta.

Seo an t-am le fáil amach cad é a bheadh na páirtithe sásta a gheallúint chun na vótaí úd a mhealladh. Agus bíodh a fhios agat go dtiocfadh na vótaí sin a bhaint díobh má fheallann siad orainn.

Seo an t-am ag Gaeilgeoirí, faoi choimice Chonradh na Gaeilge nó eile, cur go crua ar na polaiteoirí chun cuspóirí Lá Morn a Gaeilge ab haint amach. Iomlán reasúnta atá sé go mbeadh seirbhís Ghaeilge ar fáil ar fud na seirbhísí poiblí faoi, abraimís, Cáisc 2016!

Brú vótála bealach iontach éifeachtach chun sin a bhaint amach.

Sílim gur sin an rud a bhí i gceist ag Máirtín Ó Cadhain nuair a d’fhógair sé an mána ‘Irish Above Politics.’ Thiar thall sa deireadh tá an t-armlón againn chun an beart a dhéanamh. Gan amhras, bhí leantóirí gach páirtí páirteach i Lá Mór na Gaeilge. Ach iad a bheith sásta a ndílseacht don Ghaeilge a chur chun tosaigh is cinnte go mbeadh ní tonn ach tuilte againn a thabharfadh ar pháirtithe caitheamh linn go dáiríre agus go cothrom.

Gaeilgeoir breá is é Michéal Ó Máirtín. Ba mhaith leis a bheith ina Thaoiseach. Sea, beidh seans aige. Ach cad a dhéanfadh sé dúinn ar mhaithe leis an 20,000 vóta sin?

Ach (agus is maith a thuig sibh go mbeadh ach ann) ach ní thitfeadh bua don Ghaeilge amach as an spéir dár n-ainneoin. Tá ceannaireacht de dhíth chun fuinneamh agus fearg dearg na ndaoine a stiúradh sa treo cheart. Cé a sheasfadh suas go dtí an phláta anois dúinn? Tá mise dóchasach as Conradh na Gaeilge sa ghnó seo, as Misneach. Cibé dream a thiocfaidh chun cinn bíodh siad neamhspleách i dtaca leis an pholaitíocht de agus bíodh siad lán sásta moladh do lucht na feirge deirge tacú le páirtí amháin nó eile ag brath ar dhearcadh agus gníomh an pháirtí seo ar son na Gaeilge.

Thiocfadh dó nach raibh ann ach aislingí is físeanna. Ach is iomaí beart ceart a thosaigh le smaointe fanacha.

Thaispeáin Lá Mór na Gaeilge agus iad siúd a d’éirigh dearg le fearg áfach go bhfuil seans againn an iarraidh seo beart ceart a dhéanamh ach cur chuige.

Lena chois sin ní léir dom aon chúis nach mbeadh seirbhís as Gaeilge ar fáil dóibh siúd sna Sé Chontae ar mhaith leo é in earnáil phoiblí an tuaiscirt.

Arís eile bainisteoireacht is eagrú is tábhachtaí – de bharr ar an bhrú agus ar an bhrú arís! 12 Aibreán an dáta creidim don chéad Lá Mór na Gaeilge a bheidh i mBéal Feirste. Gabhaimis ina cheann agus cuirimis chuige.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-20 21:50:24

Admin/login Comments RSS

ILBF