Hay Festival – Ceanannas Mór

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

samhlaigh an domhan imagine the world

Is cúis áthais dúinn a fhógairt go mbeidh litríocht agus foilsitheoireacht na Gaeilge lárnach arís ag an bhféile litríochta idirnáisiúnta an Hay Festival Kells idir 3-6 Iúil 2014, áit a mbeidh scoth na scríbhneoirí, na foilsitheoireachta agus na leabhar i láthair, agus áit a mbeidh flúirse siamsaíochta ar fáil d’óg agus aosta. Is í seo an dara bliain don Hay Festival i gCeanannas Mór agus tá clár níos leithne forbartha i mbliana le tabhairt faoi ardéileamh na bliana seo caite.  I measc na n-imeachtaí a bheas ar fáil don aos óg, beidh Fibín i láthair le seó físiúil, a bhaineann úsáid as bua an cheoil, bua na scéalaíochta agus bua na healaíona leis an scéal tragóideach An Rón Dall a insint, atá bunaithe ar scéal ón leabhar Wild Sports of the West.  I láthair chomh maith beidh Lúrapóg Larapóg le seó beo ardáin, á chur i láthair ag páistí do pháistí, ina mbeidh amhráin, dánta agus ramáis le cloisteáil, ó na leabharthaí Ící Pící, Ní Thuigimse Daoine Fásta agus Báidín Fheidhlimidh – seó a chuirfidh siamsaíocht spraíúil ar fáil don lucht féachana.  Agus beidh an ceoltóir, scríbhneoir agus stiúrthóir an teach foilseacháin Futa Fata, Tadhg Mac Dhonnagáin, ar ais ag an bhféile arís i mbliana le haghaidh dreas ceoil, rannta agus gáire.  Don léitheoir aibí, beidh Rónán Mac Con Iomaire i gcomhrá le Seán Bán Breathnach, ag labhairt faoina leabhar nua Rocky Ros Muc, a insíonn scéal an dornálaí Seán Ó Mainín, ar thug a chuid cumais é ó Ros Muc i gceartlár Chonamara go Madison Square Garden i Nua- Eabhrac Mheiriceá, áit ar throid sé do Chraobh Meánmheáchain Éadrom an Domhain.  Beidh na hiriseoirí Cathal Mac Coille, Harry McGee agus Máirín Ní Ghadhra ar ardán le plé a dhéanamh ar ábhar an leabhair nua-fhoilsithe Scéal Scéil, ina nochtann iriseoirí aitheanta a gcuid rún faoi na modhanna oibre a chleachtann siad chun scéalta a aimsiú agus a sheachadadh, a thabharfaidh spléachadh don lucht féachana, ní hamháin ar ealaín na ceirde ach ar an chleasaíocht a bhíonn ar bun i seomraí nuachta na tíre.  Agus mar ghné lárnach den cheiliúradh, beidh ócáid ómóis i gcuimhne Mhaidhc Dainín Uí Shé, áit a mbeidh Siún Nic Gearailt mar bhean a’ tí, ina dtabharfar aitheantas dá chuid scríbhneoireachta agus dá oidhreacht sa réimse, tráth a ndéanfar a leabhar nua Hitler Miaow a sheoladh i measc a chlann agus a chairde.
Beidh suíomh lárnach ag Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge sa bhaile i gcaitheamh na féile. Is buíochas le Foras na Gaeilge gur féidir an clár cuimsitheach seo a chur ar fáil.
Tuilleadh eolais faoin bhféile ina iomláine ar lean.

déan teagmháil le cónaisc@conaisc.ie
Twitter – https://twitter.com/HayKells Facebook – https://www.facebook.com/HayFestivalKells
www.hayfestival.org/kells

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-20 22:18:21

Admin/login Comments RSS

ILBF