Harry Bradley ar bharr an liosta do Ghradam Ceoil TG4 2014

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

 Harry Bradley ar bharr an liosta do Ghradam Ceoil TG4 2014

Is ar fhear na lúth-mhéar, Harry Bradley fear na feadóige móire agus na bpíobaí uilleann as Béal Feirste ó dhúchas, a bhronnfar Gradam Ceoil 2014. Tá ardmheas agus cáil ar Harry ar fud na tíre agus thar lear mar cheoltóir aonair, mar bhall de ghrúpaí agus mar mhúinteoir/teagascóir freisin. Fógraíodh a Ghradam Ceoil agus duaiseoirí eile na bliana ag ócáid i mBaile Átha Cliath tráthnóna.

Tugann Gradaim na bliana seo aitheantas do cheoltóirí a bhfuil gean orthu agus urraim dóibh. Ina measc i mbliana tá Cláiríneach atá ina mháistir ar an gconsairtín le fada fada an lá; fonnadóir binn as Iorras Aithneach i nGaeltacht na Gaillimhe; ollamh, staraí agus fear eagair an cheoil Éireannaigh i Meiriceá le daichead bliain; tríréad ceannródaíoch a rinne athbheochan ar sean-taisce luachmhar cheoil;  agus an té is óige fós ó theaghlach cáiliúil as Sliabh Luachra.

 

Seo iad duaiseoirí Ghradam Ceoil TG4 Ceoil 2014:

 

  • Gradam Ceoil:                 Harry Bradley
  • Ceoltóir Óg:                     Bryan O’Leary 
  • Gradam Saoil:                  Chris Droney
  • Gradam Comharcheoil:    Comhpháirtíocht Goodman
  • Amhránaí:                         Nan Tom Taimín de Búrca  
  • Gradam Comaoine:          Mick Moloney

 

Tá nóta beathaisnéise/cúlra gach duaiseora ar fáil ag www.gradam.ie mar aon lena liosta taifeadtaí.

 

Gheobhaidh na duaiseoirí duais airgid agus píosa speisialta dealbhóireachta a coimisiúnaíodh ó John Coll.  Coiste neamhspleách a roghnaíonn na gradamóirí.  Bronnfar na Gradaim ag Coirmcheoil agus Duaisbhronnadh i gCeoláras na hOllscoile, Luimneach ar an Satharn 12 Aibreán, á chur i láthair ag Páidí Ó Lionáird agus Muireann Nic Amhlaoibh.  Craolfar seo ar TG4 Domhnach Cásca, 20 Aibreán ag 9.30pm.

Is féidir ticéid don choirmcheoil a chur in áirithe ar an teileafón ó 061 331549 nó ar  www.uch.ie

Deir Leascheannasaí TG4, Pádhraic Ó Ciardha gur “deis luachmhar é Gradam Ceoil TG4 ár meas a léiriú ar ealaíontóirí cumasacha i láthair a gcairde féin agus trí mheán na teilifíse agus an Idirlín, laochra ceoil a shaibhríonn agus a mhaisíonn an saol agus cheiliúrann ár n-oidhreacht luachmhar cheoil.”

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-16 10:49:48

Admin/login Comments RSS

ILBF