Halla Oráisteach scriosta in ionsaí tine i dTír Chonaill – an dar ionsaí le 3 seachtain anuas

Colún, gné-ailt/tuairim, náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Scriosadh Halla Oráisteach in aice leis an Chonmhaigh i dTír Chonaill go luath ar maidin. Ba é seo an dara ionsaí tine ar Halla Oráisteach in oirthear an chontae le trí seachtaine anuas. Rinneadh damáiste mhór do Halla Oráisteach in aice leis an Bhaile Nua trí seachtain ó shin. Rinneadh iarracht lena chois aréir chun an teampall Protastúnach ar Chomhaigh a chur le tine. Rinneadh damáiste bheag ach meastar go bhfuil an dá ionsaí sa bhaile amháin ceangailte. Cháin grúpaí pobail is polaiteoirí sa dá cheantar na hionsaithe go géar. Dúirt feisire Eorpach an DUP, Diane Dodds, gur ‘gníomh eile náireach éadulaingthe i bPoblacht na hÉireann’ atá i gceist.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-25 15:35:31

Admin/login Comments RSS

ILBF