Haiku? Cad é sin? – Leabhar nua ó Gabriel Rosenstock

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

 

Haiku, más é do thoil é!

Gabriel Rosenstock,   maisithe ag Brian Fitzgerald

€7.50,  ISBN 978-1-85791-822-9,  Bog,  96 pages

 

Blurba

Haiku? Cad é sin?

Gheobhaidh tú freagra na ceiste sin, chomh maith le mórán ceisteanna eile faoin haiku, sa saothar spraíúil seo le Gabriel Rosenstock.

 

I dteannta an mháistir haiku, Issa, siolsaítear don léitheoir gnéithe éagsúla d’ealaín an Haiku le stíl éadrom bhríomhar; comhdhéanamh an tsaothair, téamaí agus raidhse samplaí.

Ar an aos óg atá an leabhar seo dírithe ach bainfidh idir óg agus aosta sult as an léargas a thugtar ann ar dhomhan iontach an haiku.
 

báisteach earraigh

ar dhuilleog an bhambú -

luch á lí

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-17 15:49:40

Admin/login Comments RSS

ILBF