Grúpa siúlóide Chaisleán Uidhlín

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Beidh an grúpa siúlóide neamhfhoirmiúil Chaislean Uidhlín ag siúl go Trial an Eibhir an seachtain seo. Níor bhain muid amach é nuair a bhí sé ar intinn dúinn á dhéanamh cúpla seachtain ó shin!

Tá an grúpa ann chun deis a thabhairt do dhaoine bualadh le chéile agus Gaeilge a labhairt ar siúlóid beag.
Is cuma faoi chaighdeán do chuid Gaeilge; mas foghlaimeoir thú seo seans duit gan dearmad a dhéanamh ar an mhéad atá foghlaimaithe agat i rith na bliana!

Beidh an grúpa ag bualadh le chéile ar an Satharn, an 6ú Meán Fómhair, ag 10.30rn taobh amuigh de Hillyard House, ar Ascaill an Chaisláin, Caisleán Uidhlín agus ag 10.45rn sa charr-chlos i bPairc Donard ag na geataí cúil don teach tábhairne Hugh McCann.

Beidh Cathal Ó Baoill ag stiúradh an ghrúpa agus beidh an siúlóid thart ag meánlae. Bígí Linn!

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-20 08:00:55

Admin/login Comments RSS

ILBF