Gregory Campbell, cáineadh go fairsing ach é ar nós cuma

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Chosain Gregory Campbell é féin go trean agus é ag caint leis an News Letter i mBéal Feirste ar maidin i ndiaidh dó cáineadh a tharraingt ó réimse leathan daoine agus tráchtairí cionn is an scig a rinne sé ar an Ghaeilge i dtionól an tuaiscirt inné. ‘Curry my Yogurt’ ar sé agus é ag déanamh aithrise ar bhalltionóil náisiúnacha a chleachtaíonn a leithéid go minic ann. ‘Can coca coalyer’ Chuir a chaint olc ar Caral Ní Chuilinn agus dhiúltaigh sí freagairt dá cheist faoi stráitéis do theangacha mhionlaigh a chuimseodh níos mó ná an Ghaeilge. Dar léi nach mbeadh aon chuidiú de dhíth air agus straitéis aineolais á leagan amach. Rinneadh tuairisciú ar a chaint fud na hÉireann agus ar na meáin sóisialta rinneadh é a cháineadh go géar don chuid is mó. Chuir Aontas na Mac Léinn leis an cháineadh sin inniu agus chuir ar a shúile dó nach mbeidh de thoradh ar a chaint ach cur le teannas agus beag is fiú a dhéanamh de rud atá ina cuid comónta d’oidhreacht mhuintir na hÉireann. Dúirt Linda Ervine, oifigeach fhorbairt na Gaeilge i mBéal Feirste Thoir, gur ionadh agus gur díoma léi amaidí den tsórt a chuala sí ó Gregory Campbell a chloisteáil sa Tionól inné. Mhaígh sí nach bhfuil Acht Teanga ann agus sa chás sin gur seans go mothaíonn balltionóil áirithe gur ghá dóibh an Ghaeilge a úsáid ar dhóigh áirithe. ‘Níl mé ag rá go bhfuil an ceart ag Sinn Féin ach tá siad i dteideal an teanga a úsáid’ ar sí. ‘Níl ann ach abairt amháin agus i bhfírinne is dul thar fóir ag Gregory.’ Agus é ag caint faoina tharla arsa Gregory Campbell leis an News Letter i mBéal Feirste,

But Mr Campbell hit back last night, saying Sinn Fein and some other nationalists “don’t want to see equality between Irish and other minority languages but seem determined to promote Irish as a purely political point”.

He said the minister should be promoting a range of minority languages, including Ulster Scots, Irish and Chinese and not just the “politically motivated tokenism” of how Sinn Fein use Irish in the Assembly chamber.

“Indeed, the fury unleashed when anyone would dare question that is proof of the political protection given to it by Sinn Fein,” he added.

“The sound and fury from those who use language as a political weapon doesn’t distract from the fact that they place their politically motivated language support above other vital public services which benefit everyone across our society.”

Cuireadh Gregory Campbell ar fionraí ar feadh lae ag an Tionól inniu ach o tharla gur seo an lá a bhíonn sé ag Westminster níl tábhacht praicticiúil leis an chosc.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 00:30:35

Admin/login Comments RSS

ILBF