Gradam Shíoladóir na Teanga do Liam Ó Maolaodh, Stiúrthóir ar Oireachtas na Gaeilge

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

 

 

Bhronn Bord na Gaeilge UCD Gradam Shíoladóir na Teanga ar Liam Ó Maolaodha ag ócáid i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, tráthnóna Dé Luain, 14 Aibreán 2014.Tá Liam Ó Maolaodha ag obair mar Stiúrthóir ar Oireachtas na Gaeilge ó Feabhra, 1996, agus roimhe sin bhí sé ina Bhainisteoir Stiúrtha ar Choláiste na bhFiann, áit ar thosaigh sé a shaol oibre i lár na bliana, 1976.Rugadh Liam i gCluain Dolcáin agus chuaigh sé ar scoil go háitiúil, chuig Scoil Náisiúnta Naomh Seosamh agusina dhiaidh sin chuig an nGairmscoil, ar a dtugtar Coláiste Chrónáin anois.D’imir sé peil agus iománaíocht don chumann áitiúil, Round Towers, cumann a raibh baint lárnach ag a sheanathair, Davy Molloy, lena bhunú sa mbliain 1884, an bhliain ar bunaíodh an Cumann Lúthchleas Gael. Bhí Liam é féin ina Chisteoir ar an gCumann i mbliain chomóradh an chéid, 1984, tráth a raibh dlúthbhaint aige le ceannach na talún ar a bhfuil páirceanna imeartha Round Towers anois. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Gailf Craddockstown agus is é a bhí ina Chaptaen ann i 1993. Tá sé faoi láthair ina Chaptaen ar Ghalf Chumann Oileáin Chonamara.I mí Aibreán 2013 rinne Liam agallamh le Nuacht TG4 inar chuir sé síos ar nahionsaithe gnéis a rinne múinteoir scoile air agus é ina dhéagóir agus an tionchar a bhí ag na heachtraí sin ar a shaol.“Is cúis áthais agus bróid dom gur roghnaigh Bord na Gaeilge UCD mé le haghaidh an Ghradaim seo. Is breá liom teideal an Ghradaim, Síoladóir na Teanga mar gur oibrigh m’athair ar feadh a shaol mar Gharraíodóir agus gurbh nós leis a chur ina luí orainn an tábhacht a bhain le síol a chur ag an am ceart nó nach mbeadh aon fhómhar le baint ná aon phlanda faoi bhláth,” a dúirt sé ag ócáid bhronnta an Ghradaim. “Thug mo shaol oibre, i gColáiste na bhFiann agus in Oireachtas na Gaeilge deiseanna dom síol na teanga a chur, síol na hathbheochana, síol an chultúir agus na hoidhreachta, agus cuireann sé ríméad i gcónaí orm aon uair a bhfeicim toradh ar sin,” a dúirt Liam Ó Maolaodha.Le haghaidh tuilleadh eolais:Lisa Madden, Stillwater Communications T: 01 677 0630 R: lisa@stillwater.ie

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive