Gradam Shean-Nós Cois Life le bronnadh ar Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Cúis áthais dúinn a fhógairt go mbronnfar ‘Gradam Shean-Nós Cois Life’ ar Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha (Conamara) ag ócáid speisialta le linn na féile Sean-Nós Cois Life a bheidh ar siúl 4-6 Aibreán 2014.

Club na Múinteoirí, 36 Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath 1, Dé Sathairn 05/04/2014, 9.00pm

Tá aithne fhorleathan ar Johnny mar amhránaí sean-nóis agus bíonn sé le cloisteáil go minic ag féilte ar fud na tíre. Is amhránaí paiteanta é agus fear uasal lách a thugann spreagadh agus cúnamh d’amhránaithe óga agus iad i mbun foghlama.  Is mar chomhartha ómóis agus measa dá chuid oibre ar son traidisiún a cheantar dúchais a bhronnfar Gradam Shean-Nós Cois Life air le linn na féile i mbliana. Píosa dealbhóireachta ó láimh an ealaíontóra Clíodhna Cussen is ea an bonn cré-úmha a bhronnfar, ar a bhfuil íomhá ón scéal miotaseolaíochta Iomramh Bhrain, ina mealltar Bran go dtí an saol eile le hamhrán álainn.

Fáilte mhór romhaibh go léir bheith i láthair ag an mbronnadh agus tá súil againn go mbeidh sibh linn ag an bhféile. Ná déanaigí dearmad gur féidir clárú le haghaidh na gceardlann ar www.seannos.ie.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-27 18:35:15

Admin/login Comments RSS

ILBF