Gradam Leabhar na Bliana buaite ag Leabhar Mór na nAmhrán

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Gradam Leabhar na Bliana buaite ag Leabhar Mór na nAmhrán

Bhronn an tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn Gradam Leabhar na Bliana ar Chló Iar-Chonnacht ar an gCéadaoin, an 13 Samhain, 2013, ag ócáid sa Ghailearaí Griangrafadóireachta i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath. Bhí Leabhar Mór na nAmhrán i measc cúig leabhar eile a bhí ar an ngearrliosta don ghradam atá urraithe ag Foras na Gaeilge agus á riaradh ag Oireachtas na Gaeilge.

 

Leabhar é seo a bhí idir lámha ag na eagarthóirí Micheál Ó Conghaile, Lochlainn Ó Tuairisg agus Peadar Ó Ceannabháin le fada an lá. Ag labhairt dó faoi Ghradam Leabhar na Bliana dúirt Lochlainn Ó Tuairisg, Eagarthóir Chló Iar-Chonnacht, “Tá an-ríméad orainn an gradam seo a bhuachan. Tugann sé aitheantas don obair a chuaigh isteach sa leabhar agus is an-údar misnigh é a leithéid seo de Ghradam.”

 

Leabhar Mór na nAmhrán

 

Leabhar é seo don scoláire, don amhránaí agus do dhuine ar bith ar suim leo teacht ar thuiscint níos leithne ar amhránaíocht thraidisiúnta na Gaeilge. Ceithre chéad amhrán traidisiúnta Gaeilge, ar an sean-nós, atá ann. Ó cheann ceann na tíre iad agus tá nótaí cuimsitheacha cúlra ag dul le gach uile cheann díobh maidir le cé dar díobh iad, cé a chum, an chaoi ar scaipeadh iad agus an dream a chasann iad sa lá atá inniu ann.

 

Tá amhráin sa leabhar seo a bhfuil eolas go forleathan orthu agus amhráin nach bhfuil an cur amach céanna ag daoine orthu. Tá amhráin bheaga agus amhráin mhóra anseo, iad fada agus gearr, mall agus sciobtha, sean agus óg.

 

Na hEagarthóirí

Micheál Ó Conghaile: Scríbhneoir cruthaitheach agus foilsitheoir. Bunaitheoir Chló Iar-Chonnacht sa mbliain 1985. Ball de Aos Dána. Eagarthóir na gcnuasach amhrán Croch Suas É! (1986) agus Up Seanamhach (1990).

 

GrianghraForas na Gaeilgef le Johnny Bambury

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-18 19:13:09

Admin/login Comments RSS

ILBF