Gradam do laochra ‘na Taoisigh’

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Bronnann ITBÁC dochtúireacht oinigh ar laochra ceoil The Chieftains

 

23 Samhain 2013: Tá céimeanna dochtúireachta oinigh bronnta ag ITBÁC ar laochra ceoil The Chieftains, mar aitheantas ar an méid a chur siad le ceol na hÉireann go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus ar a ról mar ambasadóirí cultúrtha don tír.

Bronnadh na céimeanna dochtúireachta ar bhaill an ghrúpa ceoil traidisiúnta, a bunaíodh 51 bliain ó shin – Paddy Maloney, Sean Keane, Matt Molloy, Kevin Conneff agus Triona Marshall – ag searmanas bronnta céimeanna do mhic léinn sa cheol, sa drámaíocht agus sna meáin inniu (Dé Sathairn 23 Samhain).

Ag labhairt dó ag an searmanas in Ard-Eaglais Naomh Pádraig, dúirt Paddy Maloney, “Is éacht mór ceoil é do The Chieftains céim dochtúireachta oinigh mar seo a fháil ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

“Is rud iontach é do The Chieftains aitheantas den chineál seo a fháil mar dhaoine aonair agus mar ghrúpa.”

Dúirt an tUasal Maloney gur rud speisialta a bhí ann an t-aitheantas seo a fháil tar éis blianta fada a chaitheamh ag cumadh ceoil.

Dúirt Uachtarán ITBÁC, an tOllamh Brian Norton, “Tugann ITBÁC onóir do The Chieftains as an méid atá déanta acu don cheol agus as ról ríthábhachtach cultúr na hÉireann a chur i láthair lucht éisteacha nua ar fud an domhain. Tugaimid aitheantas dóibh chomh maith as na caighdeáin a chuireann siad i láthair na gcéimithe anseo atá ar tí tabhairt faoina ngairmeacha beatha féin sa cheol, i ndrámaíocht agus sna meáin.”

Bronnadh dochtúireacht oinigh chomh maith ar an gcláirseoir Sheila Larchet Cuthbert, a bhfuil gairm bheatha fhada agus shuntasach bainte amach aici mar cheoltóir, mar mhúinteoir, mar chóiritheoir agus mar thaighdeoir. Go háirithe, áfach, is cosantóir paiseanta í ar uirlis náisiúnta na hÉireann, an chláirseach.

Tá tionchar an-mhór ag The Chieftains ar dhomhan an cheoil traidisiúnta – aithnítear na píopaí uilleann, an fhidil, an fheadóg mhór, an fheadóg stáin, an bodhrán agus níos déanaí an chláirseach le ceol agus cultúr na hÉireann.

Bunaíodh The Chieftains sa bhliain 1962 nuair a thug Paddy Maloney cuireadh do cheathrar de na ceoltóirí ceoil traidisiúnta is mó a raibh meas orthu teacht le chéile chun taifeadadh aonuaire a dhéanamh don dara albam ó chomhlacht nua Gareth Browne, Claddagh Records.

Is iomaí ceoltóir cumasach a chas le The Chieftains i gcaitheamh na mblianta. Chomhoibrigh siad le hiliomad cultúr agus bhain siad triail as seánraí éagsúla le 51 bliain anuas – ó bheith ag casadh le ceoltóirí ceol na ndaoine as an tSín go ceoltóirí ceol tíre i Nashville agus ó cheol as Meicsiceo ina dtionscadal San Patricio in 2010.

Chas siad le ceoltóirí chomh héagsúil sin le The Rolling Stones, Van Morrison, James Galway, Bon Iver agus Imelda May. Níos luaithe an tseachtain seo (20 Samhain), chas siad ag ócáid ómóis don fhile Seamus Heaney, a tionóladh sa Royal Festival Hall i Londain a bhí lán go doras.

Gach bliain, féachann Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath le haitheantas a thabhairt don méid a chuirtear leis an tsochaí ag na daoine sin a bhfuil éacht bainte amach acu i roinnt réimsí – na healaíona agus na heolaíochtaí, gnó agus na gairmeacha agus i ngníomhaíochtaí scolártha, cultúrtha agus spóirt.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 20:03:36

Admin/login Comments RSS

ILBF