Gormacha na Cáinaisnéise á gcanadh ar RnaG

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Beidh eagrán speisialta de Rónán Beo @3 le cloisteáil Dé Máirt 15 Deireadh Fómhair, Rave Ghormacha na Cáinaisnéise. Beidh an Mary Ryan Blues Band, chomh maith le Bríd Ní hIcí agus Blind Drunk Willy Mac Giolla Bhrighde, ag canadh amhráin i stíl na nGormacha, ar eagrán speisialta de Rónán Beo @3 – Rave Ghormacha na Cáinaisnéise, Pre Budget Blues. Cluinfear amhráin le Bessie Smith, John lee Hooker, Blind Willie McTell, Billie Holiday agus ceoltóirí eile ón seánra sin. Beidh an Mary Ryan Blues Band páirteach i dtionscadal na ngormacha, ‘Dhúisíos Ar Maidin ‘, sa Grand Social, Déardaoin 17 Deireadh Fómhair 8.30pm mar chuid d’fhéile IMRAM. Canann Bríd Ní hIcí agus Willy Mac Giolla Bhrighde ag an Chabaret Craiceáilte, ócáid siamsaíochta lán-Ghaeilge i nGaoth Dobhair uair sa mhí. Rave Ghormacha na Cáinaisnéise, Rónán Beo @3 Máirt na Cáinaisnéise 3pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive