Glacann an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, T.D. le dúshlán “Gaeilge24

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Glacann an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, T.D. le dúshlán “Gaeilge24”- Gaeilge gan stad ar feadh lá iomlán – ó Chonradh na Gaeilge

Tar éis cuid den samhradh a chaitheamh i measc muintir na Gaeltachta i nGleann Cholm Cille ag foghlaim na Gaeilge agus dul chun cinn maith déanta aige, deir an tAire Joe McHugh go bhfuil sé ag súil go mór le dúshlán Gaeilge24 ar an 11 Samhain.

Dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta:

“Tá mé breá sásta glacadh leis an dúshlán spreagúil seo ó Chonradh na Gaeilge.  Creidim go láidir nach bhfuil bealach níos fearr leis an teanga a fhoghlaim ná í a labhairt.  Tá súil agam go nglacfaidh scoileanna na tíre leis an dúshlán seo freisin agus, go deimhin, go ndéanfaidh gach duine iarracht a gcuid Gaeilge a úsáid ar an 11 Samhain.”

Dúirt Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha Chonradh na Gaeilge:
“Is iontach an dea-shampla é an tAire Stáit ag glacadh leis an dúshlán mór seo d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge ó cheann ceann na tíre agus ar fud an domhain. Molaim a mhisneach agus an dul chun cinn atá déanta aige ó a thosaigh an tAire ag úsáid na Gaeilge nuair a ceapadh mar Aire Stáit na Gaeltachta – táim cinnte go mbainfidh Joe agus na mílte duine eile atá ag glacadh páirt i nGaeilge 24 i mbliana an-taitneamh agus tairbhe as!”

Is í seo an tríú bliain de Gaeilge 24 agus táimid ag súil le breis is 200 scoil agus 20,000 dalta ag glacadh páirt ann i mbliana. Is iontach an bhealach é chun daoine óga a spreagadh don teanga agus eispéireas dearfach a thabhairt dóibh maidir le húsáid na Gaeilge ina saoil.

Gheobhaidh gach dalta a ghlacann páirt T-léine “Labhair Gaeilge liom inniu”, banda láimhe agus frásaí samplach le húsáid ar an lá. Níl orthu ach clárú don dúshlán roimh Dé hAoine seo, an 24ú Deireadh Fómhair ar www.cnag.ie/gaeilge24 agus €10 a bhailiú don charthanacht.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-20 22:09:44

Admin/login Comments RSS

ILBF