Glac páirt i Rith 2014 – Róise Ní Thoirealaigh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Gaelgeoirí spreagtha chun páirt a ghlacadh i Rith 2014 – Róise Ní Thoirealaigh

 

Beidh Sinn Féin ag glacadh páirte i Rith 2014 agus é ar a bhealach ó Bhaile Bhuirne (Co Chorcaí) go Béal Feirste ag an deireadh seachtaine.

 

Beidh 30,000 duine páirteach sa rith sealaíochta ar feadh 1,000km le linn naoi lá, nuair a bheidh bata le teachtaireacht tacaíochta don Ghaeilge ann, seachadta ó cheantar go ceantar.

 

Tá achan chéim den rith urraithe ag eagraíochtaí éagsúla atá báúil don Ghaeilge agus rachaidh sé trí 200 baile is sráidbhaile agus trí 14 contae ar a bhealach go dtí Béal Feirste.

 

I mBéal Feirste ar an tSatharn iompróidh an comhairleoir Máirtín Ó Muilleoir Méara Bhéal Feirste, an bata ó Dheisceart Bhéal Feirste go dtí Halla na Cathrach.

 

“Tá ciliméadar den bhealach urraithe ag Sinn Féin ó Theach Uí Chonghaile in Iarthar Bhéal Feirste go Bealach Uí Chinnéide, thart ar 1.00in agus ó Theach Uí Chearnaigh i dTuaisceart Bhéal Feirste síos Bóthar Aontroma, timpeall 1.15in,” a dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Róise Ní Thoirealaigh.

 

“Is imeacht iontach spraíúil é seo do chách, déanaim comhghairdeas leis na heagraithe uilig faoi agus molaim do phobal na Gaeilge páirt a ghlacadh sa rith ar an tSatharn”

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-20 15:15:45

Admin/login Comments RSS

ILBF